Aesop a tháinig go h-Éirinn/An Sean Phoc agus an Laogh

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Aesop a tháinig go h-Éirinn by Aesop, translated by Peadar Ua Laoghaire
An Sean Phoc agus an Laogh
[ 21 ]

27.—AN SEAN ṖOC AGUS AN LAOĠ.


Ḃí sean ṗoc ann agus ḃí sé amaċ i mbliaġanta na tuigsiona go maiṫ, aċt ba “ag dul i n-aoís ag dul i n-olcas” dó. Fé ḋeire ḃí sé iompuiġṫe amaċ ċóṁ goirgeaċ san ná féadaḋ sé stad gan ḃeiṫ coitċianta ag spriúċaḋ agus ag aḋarcáil agus ag búirṫig, i dtreó go raiḃ an tréad go léir cráiḋte ciapaiṫe aige. Ḃí laoġ óg ag féuċaint air lá agus ag éisteaċt leis. Do ḋein sí air suas agus do laḃair sí leis. “Féuċ!” ar sise, “a leiṫéid seo. Táir-se ana láidir, ana ḃuacaċ ar fad. Táir teasaíḋe, níṁneaċ, fióċṁar feargaċ. Bíon sgannraḋ orainn go léir róṁat. Aċt ní túisge ċloistear glam gaḋar nó géim aḋairce ’ná siúd ar teiṫe ṫu an ḟaid ḃíon sé ad ċosaiḃ.”

“A ’ngín ó,” ar seisean, “is fíor do ċaint agus ní’l am ṁilleaḋ aċt náċ féidir liom féin an níḋ sin do ṫuigsint. Tá neart agus misneaċ ionam, agus is minic a ċeapaim am aigne aġaiḋ do ṫaḃairt ar an gcéad ṫóir eile agus idir ġaḋair agus daoíne do ṁarḃaḋ. Measaim an uair sin go marḃóċainn a ḃfuil de ġaḋaraiḃ i n-Éirinn, bíon a leiṫéid sin de ċróḋaċt agus de ṁisneaċ croíḋe ionam. Aċt nuair ṫagan an tóir ní ḟanan a ċuíṁne sin agam. Gluaisid mo ċosa uaṫa féin, ba ḋóiċ leat, agus sguabaid siad ċum siúḃail mé i dtreó go mbíon iongna orm cá dtagan an fuinneaṁ go léir ionta.”

[ 22 ]

An Múineaḋ.

“Is treise dúċas ’ná oileaṁaint.”

“Brisean an dúċas tré ṡúiliḃ an ċait.”

“An ḟaid a ṁairfir féin iseaḋ ṁairfiḋ do ḃéas.”

“Mar a ṁairis riaṁ iseaḋ ṁairfá ċoíḋċe

Ó ṫúis an ċluiċe go deire na sgríbe.” (An Peacaċ agus an Bás).