Aesop a tháinig go h-Éirinn/An Ghráinneóg agus na h-Aithreacha Nimhe
26.—AN ĠRÁINNEÓG AGUS NA H-AIṪREAĊA NÍṀE.
Ṫáinig an ġráinneóg go dorus pluaise na n-aiṫreaċ níṁe oíḋċe ṡeaca, agus d’ iar sí ḃeiṫ istiġ orṫa. Do leigeadar isteaċ í ó ḃí an oíḋċe ċóṁ fuar. Ṡocruig sí í fein ar lár an úrláir agus ḋein sí liarṫóid dí fein, agus ṡín sí na deilgne amaċ mór-ṫímpal uirṫi féin, i dtreó ná féadfaḋ aoinne dul na goire. Ní ḟéadaḋ aṫair níṁe gaḃáil ṫáirse, síos ná suas, ná prioctí é.
“Feuċ!” ar siad, “tá an ṗluais seo beag ár ndóiṫin againne féin. Ní foláir duitse ḃeiṫ ag imṫeaċt.”
“Ambasa,” ar sise, “‘an t-é leis gur cúṁang fágaḋ!’ Ní’l aon loċt agamsa ar an áit seo.”
An Múineaḋ.
“Ní h-aiṫeantas go h-aontíġeas.”
Ċeap na h-aiṫreaċa níṁe ná ḃéaḋ aon ḃac orṫa an ġráinneóg do ċur amaċ pé uair ba ṁaiṫ leo é, nó fiacal níṁe do ċur inti. Níor ċuíṁníġeadar riaṁ ar na deilgníḃ.