Aesop a tháinig go h-Éirinn/An Giorfhiadh agus an Gealún
←An Coileach agus an Mada Rua | Aesop a tháinig go h-Éirinn by , translated by Peadar Ua Laoghaire An Giorfhiadh agus an Gealún |
An Ḟuiseóg agus a h-Ál→ |
[ 4 ]
3.—AN GIORḞIAḊ AGUS AN GEALÚN.
Do rug fiolar ar ġiorḟiaḋ. Ḃí sé ’ġá ṁille agus ’ġá ċnáṫaḋ. Ḃí gealún ar sgairt ag féuċaint orṫa. “Cá ḃfuil do ċosa?” arsan gealún. “Cad ’na ṫaoḃ ná ruiṫean tú uaiḋ? Dá mbéinn-se ad ċás——.” Ní raiḃ sé d’uain aige a ṫuille do ráḋ. Do sguab seaḃac ċum siúḃail é.
“A!” arsan giorḟiaḋ, “is minic airíġeas gur maiṫ an t-iománaíḋe an t-é a ḃíon ar an gclaiḋ.”
An Múineaḋ.
An t-é ḃéiḋ ag faire ar ġnó an ḟir ṫall taḃarfaiḋ sé failliġe ’na ġnó féin. Ná taḃair cóṁairle ċóṁgaraċ neaṁċongantaċ uait nó tiocfaiḋ sí aḃaile ċúgat uair éigin.