Aesop a tháinig go h-Éirinn/An Coileach agus an Mada Rua

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Aesop a tháinig go h-Éirinn by Aesop, translated by Peadar Ua Laoghaire
An Coileach agus an Mada Rua
[ 4 ]

2.—AN COILEAĊ AGUS AN MADA RUAḊ.


Maidin ḃreaġ ṡaṁraiḋ do ṫárla go raiḃ mada ruaḋ ag siúḃal go ciúin agus go h-aicillíġe, i gcóṁgar do ċró na gcearc. Is réiḋ a ṫógaḋ sé na cosa agus is réiḋe ’ná san a leigeaḋ sé féi iad. Dá ḟeaḃas aire a ṫug sé ḋóiḃ níor ḃ’ḟada gur ċuir sé cos acu sa n-innil a cuireaḋ sa n-áit d’aon ġnó ċum beirṫa air. Ḃí an coileaċ ’na ṡeasaṁ anáirde ar an gcró. Do ċonaic sé cad a ṫuit amaċ agus an cruaḋ-ċás ’na raiḃ an mada ruaḋ.

“Ó! a ċoiliġ an ċroíḋe ’stiġ!” arsan mada ruaḋ, “tar agus bog díom an rud so nó is gearr go mbéiḋ mé gan ċos. Tá ioscad ġaoíl agam leat. Tar agus fuasgail mé. Díolfad an cóṁar leat uair éigin.”

Níor ḋein an coileaċ aċt imṫeaċt láiṫreaċ agus an sgéal d’ínsint d’ḟear an tiġe. Ṫáinig seisean agus cleiṫ aige agus do ṁairḃ sé an mada ruaḋ.

An Múineaḋ.

Truaġ do’n ċuirpṫeaċ! Mo ṫruaġ-sa an t-é go ḃfuil san aige. Díolfaiḋ sé as an uair is luġa ḃéiḋ cuinne aige.