Aesop a tháinig go h-Éirinn/An Capal agus an t-Asal

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Aesop a tháinig go h-Éirinn by Aesop, translated by Peadar Ua Laoghaire
An Capal agus an t-Asal
[ 18 ]

23. - AN CAPAL AGUS AN T-ASAL.


Ḃí capal uasal uaiḃreaċ óg, agus eire caṫa air, agus é ag gluaiseaċt fé ḋéin an ċaṫa. Ḃí ialait ġreanta air agus srian ḃreáġ go raiḃ béalḃaċ airgid inti. Ḃí sé óg láidir cuṫaig. Ḃí gal as a ṡróin, agus ḃí cúḃar geal le n-a ċorán. Do ṫárla, roimis amaċ ag gaḃáil an bóṫar céadna, asal boċt agus é tuirseaċ agus ualaċ trom air. [ 19 ]“Fág an tslíġ uaim nó geaḃad de ċosaiḃ ionat, a rud gan ṁaiṫ!” arsan capal, agus ba ḃorb é a ġlór.

Do ḋruid an t-asal i leiṫ taoiḃ agus do ġluais an capal cogaiḋ ṫairis amaċ ar cos anáirde agus teine ċreasa aige d’á ḃaint as na cloċaiḃ.

Ċuaiḋ sé sa ċaṫ. Níor ṁarḃaḋ ann é aċt do baineaḋ an tsúil as. Nuair ḃí sé ar leaṫ-ṡúil ní raiḃ a ṫuille maiṫeasa ann ċum cogaiḋ. Do díolaḋ le tíncéir é. Níor cuireaḋ an ialait ġreanta ná an tsrian ḃreáġ a ṫuille air. Do cuireaḋ ar ċapal éigin eile iad. Do ċuir an tíncéir sean ṡraṫar ḟada air, agus ċuir sé sean ċeannraċ cnáibe air, agus níor ṫug sé leaṫ a ḋóṫana le n-iṫe ḋó. Ba ġearr go raiḃ an ṁórtais agus an ṁórḋáil agus an ṁórċúis agus an teasbaċ bainte i gceart dé. Ba ġearr go raiḃ moíng ġiobalaċ air, agus glúine briste aige agus cromán árd agus asna lom agus muinéal sgrogaċ. Ḃí sé fiona-ċas féiṫleaċ troċailte, agus earbal sgáinte air.

Sa rioċt san dó, ḃí sé ag dul ar aonaċ agus ualaċ giúirléidí air, agus do ḃuail an t-asal céadna úd uime.

“Seaḋ!” arsan t-asal, “an tusa san? Ní dóiċ liom gur baoġal d’ aoinne go ngeaḃair de ċosaiḃ ann indiu, munab ionan agus an lá úd!”

An Múineaḋ.

“Is mairg a laḃran go teann!”

Is olc é an t-eirġe anáirde. Nuair ḃíon sé suas ní ḃíon uraim dó. Nuair ḃíon sé síos ní ḃíon truaġ ḋó. Ċonáċ air é!

“Go réiḋ! a ḃean na dtrí mbó.”