Page:Aesop a tháinig go h-Éirinn.djvu/21

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

19

“Fág an tslíġ uaim nó geaḃad de ċosaiḃ ionat, a rud gan ṁaiṫ!” arsan capal, agus ba ḃorb é a ġlór.

Do ḋruid an t-asal i leiṫ taoiḃ agus do ġluais an capal cogaiḋ ṫairis amaċ ar cos anáirde agus teine ċreasa aige d’á ḃaint as na cloċaiḃ.

Ċuaiḋ sé sa ċaṫ. Níor ṁarḃaḋ ann é aċt do baineaḋ an tsúil as. Nuair ḃí sé ar leaṫ-ṡúil ní raiḃ a ṫuille maiṫeasa ann ċum cogaiḋ. Do díolaḋ le tíncéir é. Níor cuireaḋ an ialait ġreanta ná an tsrian ḃreáġ a ṫuille air. Do cuireaḋ ar ċapal éigin eile iad. Do ċuir an tíncéir sean ṡraṫar ḟada air, agus ċuir sé sean ċeannraċ cnáibe air, agus níor ṫug sé leaṫ a ḋóṫana le n-iṫe ḋó. Ba ġearr go raiḃ an ṁórtais agus an ṁórḋáil agus an ṁórċúis agus an teasbaċ bainte i gceart dé. Ba ġearr go raiḃ moíng ġiobalaċ air, agus glúine briste aige agus cromán árd agus asna lom agus muinéal sgrogaċ. Ḃí sé fiona-ċas féiṫleaċ troċailte, agus earbal sgáinte air.

Sa rioċt san dó, ḃí sé ag dul ar aonaċ agus ualaċ giúirléidí air, agus do ḃuail an t-asal céadna úd uime.

“Seaḋ!” arsan t-asal, “an tusa san? Ní dóiċ liom gur baoġal d’ aoinne go ngeaḃair de ċosaiḃ ann indiu, munab ionan agus an lá úd!”

An Múineaḋ.

“Is mairg a laḃran go teann!”

Is olc é an t-eirġe anáirde. Nuair ḃíon sé suas ní ḃíon uraim dó. Nuair ḃíon sé síos ní ḃíon truaġ ḋó. Ċonáċ air é!

“Go réiḋ! a ḃean na dtrí mbó.”



24.—AN CROMÁN AGUS NA COLÚRA.


Cromán a ḃí ar feaḋ aḃfad ag imṫeaċt anonn ’s anall agus mórṫímpal sa n-aér, os cionn tíġe na gcolúr, agus giḋ gur ṁinic a ḃí foġaḋ santaċ aige ḋ’á ṫaḃairt fé ċeann acu, ḃíodar ró ċliste ḋó agus do ṫeip air breiṫ ar aon ċeann acu.

Fé ḋeire do ċuíṁniġ sé ar ṡeift. Ṫáinig sé agus do laḃair sé leó.

“A ċolúra,” ar seisean, “is eagal liom go ḃfuil droċ iontaíḃ éigin agaiḃ asamsa. Má’s fíor é is mór an dearṁad atá oraiḃ. Ní’l uaimse aċt an tairḃe is mó ḟéadfainn, do ḋéanaṁ daoíḃ. Ní’l am baint de’n tsaoġal aċt gan coimeád agus cosnaṁ feiḋmeaṁail do ḃeiṫ ar ċóir agus ar ċeart ḃúr sínsear agaiḃ. Dá mb’ áil liḃ ríġ ḋéanaṁ díomsa agus mé ġlacaḋ i nḃúr measg níor ġáḋ ḋaoíḃ ċoíḋċe eagla naṁad istig ná amuiċ do ḃeiṫ oraiḃ. Dá dtiġeaḋ fiolar nó seaḃac, faolċú