Teachtaireacht na Nollag agus na hAthbhliana ó Uachtarán na hÉireann Micheál D. Ó hUigínn (2020)

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Teachtaireacht na Nollag agus na hAthbhliana ó Uachtarán na hÉireann Micheál D. Ó hUigínn  (2020) 
by Micheál D. Ó hUigínn
[00:00]

Teachtaireacht na Nollag agus na

hAthbhliana ón Uachtarán na hÉireann


Micheál D. Ó hUigínn

[00:09]Guím gach beannacht agus gach rath oraibh uilig agus muid ag tnúth le chéile Nollaig shona shíochánta.

[00:17]A leithéid de bhliain a bhí againn!

[00:19]Bliain inar chailleamar an oiread sin daoine de bharr na paindéime. [00:23]Blian inar athraíodh saol an oiread sin daoine ó bhonn, agus iarrachtaí coiteann á ndéanamh againn chun aire a thabhairt dá chéile.

[00:31]Le linn na bliana seo, nuair a thugamar aghaidh le chéile ar dhúshlán na paindéime domhanda, iarradh orainn tabhairt faoi athraithe deacrach inár slite maireachtáil. [00:44]Athraithe a d’éiligh go leor teacht aniar, féiníobairt agus comhbhá uainn go léir.

[00:49]Ba mhaith liom a rá, mar Uachtarán, gur údar sásaimh a bhí ann an fhlaithiúlacht a léiríodh le linn na tréimhse deacra sin.

[00:57]Bhí an t-ádh orainn go léir gur taispeánadh eiseamláirí gan áireamh den fhéiníobairt i measc na n-oibrithe riachtanacha, na gcomharsan agus na dteaghlach, agus a ndícheall á dhéanamh acu, chun teacht i gcabhair orainn uilig agus ar a chéile.

[01:12]Nuair a smaoinímid le linn na Nollag ar a bhfuil tar éis tarlú le gairid is féidir spiorad na dlúthpháirtíochta a bheith mar réalta solais againn agus muid ag dul i dtreo na hAthbhliana, a mbeidh dúshláin romhainn inti, ach a mbeimid ábalta tabhairt fúthu le misneach mar gheall, agus mar thoradh, ar a bhfuil déanta againn i gcómhar lena chéile.

[01:36]Agus muid ag obair linn ag iarraidh srian a chur ar COVID-19, agus é ag cur as dár saol, ní mór dúinn gach dícheall a dhéanamh. [01:43]Ní mór dúinn, ní hamháin dearcadh na saoránachta a léiriú, ach é a chur i lár an aonaigh.

[01:51]Ní mór sin chun fís choiteann a bheith againn, den solas a thiocfaidh má oibrímid as láimh a chéile, agus ár n-iarrachtaí á neartú againn chun an coróinvíreas a chur faoi chos.

[02:04]Más mian linn an dlúthpháirtíocht a spreagadh, ní mór dúinn, ar ndóigh, leochaileacht daoine eile a thuiscint.

[02:12]Ba bhliain dhúshlánach 2020 dúinn go léir. [02:17]Maidir le grúpaí leochaileacha, áfach, méadaíodh tionchar Covid-19 as cuímse.

[02:23]Creidim gurb iad an chomhbhá agus an cúram a léirímid do ghrúpaí dá leithéidí a gcuimhneofar orthu, sa stair amach anseo.

[02:33]D'fhoghlaimíomar le míosa beaga anuas an luach a bhaineann leis an cineáltas a léiríonn cúram na ndaoine sin go léir atá mar bhaill d’ár bpobal.

[02:43]Tá cuid mhaith samplaí feicthe againn de shaoránaigh stuama a chuir an leas coiteann chun cinn ar a míanta féin, a rinneadh íobairtí agus iad ag díriú ar leas daoine eile seachas a bheith ag smaoineamh go cúng orthu féin.

[02:58]Tosaíonn Scéal na Nollag le h-aistear fada agus deacair chuig Beithil, agus luaitear é mar fhoinse ré nua agus tús saol níos fearr don chine daonna.

[03:09]Riamh anall, léirigh an Nollaig tráth dóchais agus athnuachan dóchais, tráth chun misneach a fháil, fiú faoi na cúinsí ba dheacra agus ba thrioblóidí.

[03:21]Inniu, mothaímid buairt iad siúd ar cailleadh daoine muinteartha leo i mbliana.

[03:28]Roinnimid, freisin a gcrá, leo siúd ar athraíodh a saol agus a slí mhaireachtála ó bhonn, agus nach bhfuil a fhios acu cad atá i ndán dóibh, agus seasaimid gualainn ar ghualainn lenár gcáirde, lenár muintir agus lenár gcómharsana atá scoite amach agus scartha uathu siúd a bhíodh á gcothú.

[03:52]Cuimhnímid i mbliana, freisin, go háirithe orthu siúd go léir nach raibh in ann taisteal chun a bheith lena muintir ach a bheidh, mar sin féin, i spiorad leo le linn fhéile na Nollag.

[04:05]Leanaimis linn ar aghaidh ar an aistear áfach, i spiorad an dóchais agus na comharaíochta. [04:12]Agus muid ag pointe cinniúnach i stair ár náisiúin, is fúinn féin an bóthar a shiúlfaimid a roghnú.

[04:18]Tá Éire nua ag fanacht lena breith an Nollaig seo, Éire ar féidir léi a bheith níos fearr má tá na fiúntaisí cearta againn; Éire ar féidir léi aghaidh níos fearr a thabhairt ar ár saol coiteann, ar ár leochaileacht choiteann agus ar ár n-idirspleáchas.

[04:35]Inniu, agus muid ag druidim thar ghrianstad an gheimhridh agus fadú na leathanta romhainn, cuimhnimid ar na féidearthachtaí atá le fíorú fós agus réitímis dul ar aghaidh i spiorad na dlúthpháirtíochta, ionas go mbeimid ábalta ár mbealach a dhéanamh go cúramach, le háthas i dtreo ár dtodhchaí le chéile.

[04:57]Guím Nollaig shona daoibh uilig agus Athbhliain lán dóchais agus síocháin.

[05:02]Beir beannacht.

This work of the Irish President, or of the Oireachtas, is in the public domain as being a public record that has been released by the copyright holder.

OTRS ticket The permission for use of this work has been verified and archived in the Wikimedia OTRS system. Reference: Ticket:2012032510004135

Public domainPublic domainfalsefalse