Page:Teachtaireacht na Nollag agus na hAthbhliana ó Uachtarán na hÉireann Micheál D. Ó hUigínn-BY2NF-lawPQ.webm/10

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.

Nuair a smaoinímid le linn na Nollag ar a bhfuil tar éis tarlú le gairid is féidir spiorad na dlúthpháirtíochta a bheith mar réalta solais againn agus muid ag dul i dtreo na hAthbhliana, a mbeidh dúshláin romhainn inti, ach a mbeimid ábalta tabhairt fúthu le misneach mar gheall, agus mar thoradh, ar a bhfuil déanta againn i gcómhar lena chéile.