Suantraidhe agus Goltraidhe/Do Leanbh Ionmhúin

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Suantraidhe agus Goltraidhe  (1914)  by Pádraig Mac Piarais
Do Leanbh Ionmhúin
[ 15 ]

DO LEANḂ IONṀUIN.

A ḃéil ġáiriġ, is é ċráḋas mé
Go mbiaiḋ tú ag caoi;
A ġné áluinn, is é mo ċás-sa
Go liaṫfaiḋ do lí.

A ċinn uasail, ataoi uaiḃreaċ,
Aċt cromfair le brón;
’S is ní ṫruaġṁar ḃím do ṫuar ḋuit,
Nuair ḃronnaim ort póg.