Page:Suantraidhe agus goltraidhe - Pearse.pdf/21

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

DO LEANḂ IONṀUIN.

A ḃéil ġáiriġ, is é ċráḋas mé
Go mbiaiḋ tú ag caoi;
A ġné áluinn, is é mo ċás-sa
Go liaṫfaiḋ do lí.

A ċinn uasail, ataoi uaiḃreaċ,
Aċt cromfair le brón;
’S is ní ṫruaġṁar ḃím do ṫuar ḋuit,
Nuair ḃronnaim ort póg.

15