Page:Uilliam Ó Riain - Caoimhghin o Cearnaigh.djvu/58

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

50

roiṁ Aois ár dTiġearna. Ḃí caṫraċa ċóṁ mór le n-ár gcaṫraċa féin aca. Ḃí foġluim ṁór, ḋoiṁin aca; coiṁéadaḋ ó aois go haois i dteangain rúin-diaṁraiġ ṡaṁlaċtaiġ í. Ḃí i ḃfad níḋ ba ṁó eolais aca i dtaoiḃ an anama 'ná atá againne. Cuiṁniġ ar na Gréagaiġ féin agus an stuidéir a rinneadar faoi Eṫos. Deir Platon go ḃfuil an t-anam tríonóideaċ, go ḃfuil trí neiṫe ann—an nous, atá diaḋaireaċ agus síorruiḋe, an anoia, atá éigciallḋa, agus an psyċe. Is miṫid do na h-Éireannaiġ fíor-stuidéir a ḋéanaṁ fá'n anam arís, agus fá ḃríġ na cruinne.”

Ḃí go maiṫ, duḃairt Úna, aċt naċ rinne sé dearmad mór? Ó éirġe na Críostaiḋeaċta naċ raiḃ gaċ rud i dtaoiḃ an anama go soilléir?

Ní raiḃ, duḃairt Caoiṁġín. “Do ṫaisbeán Críost, agus do ṁíniġ Sé, bun-riaġlaċa spriodálta. Tá siad simpliḋe, tá siad an-iongantaċ. Ní mór dúinn iad a ċoiṁéad agus a ċóiṁlíonaḋ. Dá ndéanfaimís sin amuiġ 's amaċ do ġeoḃaimís tús Ríoġaċta Neiṁe san tsaoġal so agus ionainn féin. Aċt tá beagnaċ ḋá ṁíle bliaḋain caiṫte, agus níl aċt tosnuġaḋ déanta fós. Tá na bun-riaġlaċa dearmadṫa ag a lán agus tá a gCríostaiḋeaċt go foirmeaċ. Tá diaṁaireaċt Ċríost agus diaṁaireaċt na saoiṫe naoṁṫa dearmadṫa. Agus dá ḃríġ sin tá dliġṫe agus iongnaḋ an anama gan noċtaḋ; táimíd neaṁ-eolgasaċ 'na dtaoiḃ. Ceapaim féin anois naċ mbéiḋ a ṁalairt de sgéal againn no go dtuigimíd an diaṁaireaċt atá i dteagasg Ċríost, agus fós—no go dtuigimíd go ḃfuil aiṫ-ḃreiṫ nó aiṫ-ionċolnuġaḋ ann. Ċreid ár sinnsir go raiḃ sé ann; agus ní gáḃaḋ ḋam a raḋ go réiḋtiġeann sí le teagasg agus le diaṁaireaċt Ċríost.”

Duḃairt Úna gur ċuir an smaoineaḋ sin sgannraḋ uirṫe. Buḋ uaṫḃásaċ an rud sinne a ḃeiṫ ag teaċt ar ais arís agus arís eile ar an doṁan dolásaċ so. Baḋ ċeart go mbéad suaiṁneas agus síoṫċáin ag duine boċt tar éis aon turais aṁáin.

Ní duḃairt aoinne, ar Caoiṁġín, go dtiocfaḋ “duine”—an “gnáṫ-ḋuine”—ar ais arís. Níl sa ngnáṫ-ḋuine aċt saġas aisteora, gan ḟios dó féin. 'Sé an t-anam an fíor-duine, agus is é an t-anam a ṫigeas ar ais arís—an t-anam agus ‘an ċolann ċúiseaċ,’ do réir saoiṫe áiriṫe—i gcolainn ċorporḋa nua. Agus is maiṫ leis an anam féin