Page:Uilliam Ó Riain - Caoimhghin o Cearnaigh.djvu/57

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

49

Sgríoḃ sé ċuice oidċe:

“Tá amadán an doṁán 'na ċoṁnuiḋe i nDuṁaċ Tráġa Ṁuirḃṫean. Caoiṁġín Ó Cearnaiġ is ainm dó. Do ċrom sé ar leaḃar mór do sgríoḃaḋ, ċun ceist ṁór do noċtaḋ. Aċt fiċe duine foġlumṫa ag obair go dian ar feaḋ fiċead bliaḋna—ní ḃéidís i n-ann an t-eolas go léir—áḋḃar an leaḃair—a ḃailiuġaḋ. Ḃéaḋ orṫa a lán leaḃra agus a lán sgéalta agus a lán láṁ-sgríḃinne sean-Ġaeḋilge a sgrúdú, agus annsin a lán leaḃra Frainncise, agus a lán leaḃra Gearmáinse, ⁊rl, a sgrúdú. Annsin ḃéaḋ tús maiṫ déanta aca. Aċt ní ḃéaḋ ann aċt tús. Ċeap an gogaille gó úd, an Caoiṁġín réaṁráiḋte, go mb'ḟéidir leis féin an obair go léir a ḋéanaṁ i n-aon ḃliaḋain aṁáin! . . . Is éigin dam aṫrú ċláir a ḋéanaṁ. Sgríoḃḟaiḋ mé ar dtús ar ḋiaḋaċt agus ar ḋiaṁaireaċt an ċiniḋ Airian agus ar ḋiaṁaireaċt an tsean-ṡaoġail i gcoiṫċeann. Annsin sgríoḃfaiḋ mé ar na príoṁ-Ċeiltiġ ag a raiḃ an t-eolas céadna agus an diaṁaireaċt ċéadna—nó ag a múinteoirí agus a n-ollaṁain pé sgéal é. Annsin feicfiḋ Éireannaiġ an lae indiu an ḃeaṫa ṁór spriodálta a ḃí ag na príoṁ-ṡleaċta. Feicfiḋ siad rud mór eile: an tsliġe is fearr ċun an ḃeaṫa ṁór spriodálta ċéadna a ṡaoṫruġaḋ ionta féin.”

Duḃairt Úna gur deas an taiḋḃreaḋ é, aċt naċ raiḃ ann aċt taiḋḃreaḋ. B' ḟurus a ċeapaḋ agus a ráḋ go raiḃ Aois Ḟorórḋa ann ar dtús, agus go mbéaḋ sí ann arís. Fáiríor, ní raiḃ ins an méid sin aċt finnsgéal, agus ní raiḃ ins an méid seo aċt dóċas agus dúil anama. Ḃéaḋ sé ċóṁ maiṫ ḋó ḃeiṫ ag ráḋ go raiḃ faṫaiġ ann i n-allód.

Agus b' ḟéidir go raiḃ, duḃairt Caoiṁġín san ċéad litir eile. “Deirtear gurab é an cúigeaḋ cineaḋ daonna atá ins an doṁan anois. Glaoḋtar an cineaḋ ‘Atlantean’ ar an gceaṫraṁaḋ cineaḋ. Deirtear gur cineaḋ faṫaċaṁail a ḃí ann nó i gcuid de. Deirtear fós go raiḃ fuiġeall an ċiniḋ sin ar an doṁan nuair ṫáinig ár gcineaḋ féin, agus dá ḃríġ sin ḃí corp na fírinne sna céad sgéalta i dtaoiḃ na ḃfaṫaċ. Nílim ag ráḋ go ḃfuil sé fíor nó naċ ḃfuil. Aċt táim cinnte i dtaoiḃ síḃialtaċt' an tsean-ṡaoġail. Taisbeánann sean-sgéalaċt, nó ealaḋa ṡean-ċoṁarṫaiḋe, an tsíḃialtaċt ṁór a ḃí ag na daoine a ṁair i ḃfad roiṁ ár n-aimsear féin, na mílte bliaḋain

D