Page:Táin Bó Cuailnge 'na dráma - Ua Laoghaire.pdf/44

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
30
TÁIN BÓ CUAILNGE

ċuṁal de d’ ṁuintir me. An rud ġoillfiḋ ort-sa agus ar do ṁór-ṡluaġ goillfiḋ sé orm-sa.

M.—Maiṫ, a Ḟeiḋealm banḟáiḋ; agus conus a ċíon tú ár sluaġ?

F. B.—Ċím forḋeargaḋ orṫa! Ċím ruag orṫa!

M.—Tá Conċoḃar ’na ċeas i nEaṁain. Ṫáinig m’eaċlaċa ċuġam uaiḋ. Ní baoġal dom Conċoḃar. Gan Conċoḃar ní baoġal dom Ultaiġ uile. Aċ abair fíor, a Ḟeiḋealm banḟáiḋ.

F. B.—Ċím forḋeargaḋ ar ṡlóiġtiḃ Ṁéiḃ agus Oiliolla. Ċím ruag orṫa.

M.—Tá Cúsgraiḋ Meann ’na ċeas i nInis Cúsgraiḋ. Ṫáinig m’ eaċlaċa ċuġam-sa uaiḋ. Ní’l ann sluaġ do ċruinniú ná claiḋeaṁ do luasgaḋ. Ní sos dá ṁuintir é. Ḃéarfaḋ buiḋean ṡuaraċ táinte bó ósna dóirsiḃ acu gan ċosg. Ní heagal liom Cúsgraiḋ Meann ná Ultaiġ uile. Aċ abair fíor, a Ḟeiḋealm banḟáiḋ.

F. B.—Ċím forḋeargaḋ—Ċím ruag.

M.—Tá Cealtċar mac Uiṫeaċair ’na ċeas i nDún Cealtċair. Tá meirg ar an Luin Cealtċair. Ṫáinig m’ eaċlaċa ċuġam ó’n nDún. A ḃanḟáiḋ síḋe Ráṫa Cruaċna, ní heagal liom-sa Ultaiġ. Aċ abair fíor, a Ḟeiḋealm banḟáiḋ.

F. B.—Ċím forḋeargaḋ—Ċím ruag.

M.—Ní liom-sa a ḃainean an bríġ atá agat-sa leis an gcaint sin, a ḃanḟáiḋ síḋe. Is ar ár naṁaid a ḃeiḋ an forḋeargaḋ agus an ruag sin a ċíon tú. Nuair a ḃeid ár sluaiġte ag gluaiseaċt i n‑aoinḟeaċt soir ó ṫuaiḋ ní hag troid le slóiġtiḃ naṁad a ḃeid siad, mar ní ḃeid na slóiġte ann ċuige. Aċ is ag iomaiḋ le ċéile a ḃeid fir Éirean, ag baint tosaċ sliġe dá ċéile ag gaḃáil dóiḃ ṫar