Page:Táin Bó Cuailnge 'na dráma - Ua Laoghaire.pdf/45

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
31
TÁIN BÓ CUAILNGE

áṫ nó ṫar aḃainn, nó ag féaċaint cé aige go mbeiḋ céad ġoin muice nó fiaḋ. Ní’l aon ċoinne ag Ultaiḋ linn. Ní’l aon aṁras acu go ḃfuiltear ċúċa. Ní’l cúinne i gCúine Ulaḋ nár ṫáinig m’ eaċlaċa ċuġam-sa as. Táid Ultaiġ ’na gcodla. Beiḋ ár gcuaird taḃarṫa againn agus an sgrios déanta sar a ndúiseóiġ aoinne acu as a ċodla. Ní heagal liom iad, a ḃanḟáiḋ síḋe. Aċ abair fíor, a Ḟeiḋealm. Conus a ċíon tú ár sluaġ féin?

F. B.—Ċím forḋeargaḋ.—Ċím ruag.—Ċím fear fíor,—fear is uasal aigne—fear óg is áluinn daṫ,—fear is léir gníoṁ. Caoṁ a ġnúis le caraid. Garḃ a láṁ ar naṁaid. Draganta a ḋeilḃ i gcaṫ. A lann líoṁṫa ’na láiṁ ḋeas. A sgiaṫ ċosanta ’na láiṁ ċlé. Géillid slóiġte roimis. Fuil agus cuirp ’na ḋiaiḋ. Is onċú do Ċonnaċtaiḃ an Cú. Is míċlú do Ċonnaċtaiḃ a ċlú. Beid maiṫe móra ar míṫreóir. Laoċra ar lár. Slóiġte dá leadraḋ. Goilfid leinḃ. Caoinfid mná! Is líonṁar cáirde síḋe ag Cú Muiġe Muirṫeiṁne.

(Imṫiġeas.)

M.—Cé hé an “fear fíor?” Níor ṫráċt aoinne de m’ eaċlaċaiḃ air. Ní heól dom aoinne de ṁuintir Ċonċoḃair ag freagairt do’n tuarasgḃáil sin. Cé hé an “Cú Muiġe Muirṫeiṁne” go ḃfuil na cáirde síḋe aige?—Aċ is mar a ċéile é. Cad é ’ḃríġ aon laoċ aṁáin im’ ċoinniḃ se anois!

(Imṫiġeas.)