Page:Táin Bó Cuailnge 'na dráma - Ua Laoghaire.pdf/17

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
3
TÁIN BÓ CUAILNGE

níor ḃ’é an diúlta céadna é. Tuigimíd an ní sin go háluinn, a ’ġnín ó. Ha, ha, ha!

M. (Ag féaċaint go géar air.)—Cad a ṫuigean tú? Cad é “an ní sin”?

O.—Is neaṁní anois é, aċ níor neaṁní an uair sin é. Ha, ha, ha!

M.—Níor neaṁní an uair sin é. Níor ḃ’eaḋ ċeana, mar is me d’iar na coinġill iongantaċa, nár iar bean roṁam riaṁ.

O.—Cad iad na coinġill iad san?

M.—Duḃart ná pósfainn ċoiḋċe aċ fear a ḃeaḋ gan éad, gan náire, gan eagla.

O.—Is ait na coinġill iad san gan aṁras. An aṁlaiḋ ná fuarais ag Conċoḃar iad?

M.—Mara ḃfuaras ag Conċoḃar iad, do fuaras agat-sa iad, a rí.

O.—Agus cad ċuige ḋuit iad do lorg?

M.—Sdó, is bean gan eagla mise, agus dá mba fear oṁnaċ imeaglaċ a ḃeaḋ pósda agam ní oirfimís dá ċéile. Agus is bean me gan suim i n‑éad agus dá mba fear éadṁar a ḃeaḋ pósda agam ní oirfimís dá ċéile. Agus is bean ṁí-náireaċ me agus dá ḃríġ sin ní oirfeaḋ aon ḟear dom aċ fear ná féadfaí náire do ċur air. Ní ḃfuaras aon ḟear go raiḃ na trí coinġill sin aige aċ tusa, a rí. Ha, ha, ha! An dtuigean tú an méid sin a rí? Agus féaċ, a Oilill. Ní tusa a ṫug taḃarṫas agus saḋḃreas doṁsa mar is gnáṫ le fear do ṫaḃairt dá ṁnaoi aċ is mise a ṫug duit-se iad. Ṫugas tiomṫaċt dáréag d’éide gaċ daṫa ḋuit, agus carbad trí seaċt gcuṁal, agus coṁleiṫead t’aġaiḋ de ḋearg-ór, agus coṁḟad do láiṁe clé d’ḟiondruine. Agus rud