Page:Táin Bó Cuailnge 'na dráma - Ua Laoghaire.pdf/16

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
2
TÁIN BÓ CUAILNGE

sin i ḃfuadaċ? Ḃí seisear inġean aige, Deirḃre agus Eiṫne agus Éile agus Cloṫra agus Muġain agus Méiḃ, mise. Dob uasal an tseisear iad, agus mise an inġean dob uaisle ḋíoḃ. Is me ba ṁó séada agus maoin agus saiḋḃreas. Is me ba ċróḋa agus ba ċurata i gcaṫ agus i gcoṁlann. Is agam a ḃí an teaġlaċ oirḋeirc de na fearaiḃ dob ḟearr i nÉirinn. Ḃí agam ċúig céad déag ríġ-aṁus, toġa ríogra Éirean uile. Ḃí agam a gcoṁmeas san de ṁacaiḃ uasal. Is é sin le ráḋ, deiċniuḃar le gaċ aṁus agus móir-ṡeisear le gaċ aṁus, agus cúigear le gaċ aṁus, agus ceaṫrar le gaċ aṁus, agus triúr le gaċ aṁus, agus dís le gaċ aṁus, agus aṁus le gaċ aṁus. B’ṡin iad mo ġnáṫ-ṫeaġlaċ, a rí. Farais sin, ṫug m’aṫair dom cúige de ċúigíḃ Éirean, an ċúige seo ’na ḃfuilimíd, cúige Ċruaċan. Agus is mar ġeall air sin a tugtar Méiḃ Ċruaċan orm. Agus féaċ, a rí, do tánaṫas ’gam iaraiḋ-se mar ḃain-ċéile ó Ḟionn ṁac Rosa Ruaiḋ, ó rí Laiġean, agus ṫugas diúlta ḋó.

O.—Ambasa, a ríogan, is eól dúinn go dtugais diúlta ḋó san.

M.—Is dóċa gurab eól duit leis go dtánaṫas ’am iaraiḋ ó Ċairbre Nia Fear, mac Rosa Ruaiḋ, rí Teaṁraċ, agus gur ṫugas an diúlta céadna ḋó.

O.—Is eól.

M.—Agus b’ḟéidir gurab eól duit go dtánaṫas ’am iaraiḋ ó Ċonċoḃar mac Faċtna, rí Ulaḋ, agus gur ṫugas an diúlta céadna ḋó.

O.—Ha, ha, ha! Ṫugais diúlta ḋó gan aṁras, aċ