Page:Silva gadelica (I.-XXXI.) v1 - Standish O'Grady.djvu/38

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
2
[513b
Betha Chiaráin tSaighre.

Ciarán ris éirghidh agus beith slán . do éirig an tén agus do chuaid slán ar a neid le grásaib dé .

Deich mbliadna fiched imorro do chaith Ciarán i nEirinn i naomthacht agus i nimláine chuirp agus anma sul do baistedh é óir do bhádar Eirennaig ina ngeintlib mar adubramar . gidedh ar náitrebh do'n spirad naomh ina sherbhóntaidhe féin i gCiarán do mhair sé i gcrábhad agus i mbésaib foirbthe an chomfhaid sin.

Atchuala sé an tan sin tuarasgabáil an chrábaidh chrístaide do bheith san Róim || agus do fhágaib Eire agus do chuaid do'n Róim . do baistedh é san Róim is do múinedh san chreidiomh chatoilice. do bhí ann sin fiche bliadan ag léighedh an scriptiuir dhiada agus ag tiomargan a lebhar agus ag foghlaim riaghlach na hegailse . agus mar atchonnairc an pobal rómhánach egna agus glicas crá- badh agus creidemh an tí Chiaráin do hóirdnedh isan eglais é. do riacht i nEirinn as a aithle sin agus tarla dho ar shlighe na hldáille Pátraic áirdesbog na hEirenn agus ar bfaicsin a chéile dhóib .i. do mhuintir dé dorignedar gáirdechas is subachas mór . agus ní raibe Pátraic ina esbog an tan sin gidedh do bhí ina dhiaid .

Celestinus dorigne espoc de agus do chuir ann sin é do shen- móir do na hEirennchaib . óir gidh do bhádar naoim eile roim Pátraic i nEirinn do choiméd dia a maigistrecht agus a háird- espocóidecht dosan nó go dtáinic sé . agus nír chreidedar a rigthe ná a dtigernadha tré nech eile go techt do .

Adubairt Pátraic re Ciarán : éirig romham i nEirinn is do ghébair tobar i gcóigcrích art rainn tuaidh agus an rainn tes di ina medhón agus cumhdaig mainistir duit ag an dtobar sin . agus is edh as ainm do uarán . is ann bhias t'onóir agus t'eiséirgidh go bráth. do fhregair Ciarán agus adubairt : aithin damsa an tinad a bfuil an tobar sin. adubairt Pátraic ris : biaidh an tigerna maille riot agus gluais romhat go dírech agus gabh mo chluigínse chugat agus biaidh gan labairt go roichir an tobar-adubramar . agus mar roichir é laibheoraidh an cluigin do ghuth sholusbhinn agus aichneochair mar sin an tobar . agus i gcionn naoi mbliadan fichcd lenfadsa thu gusan ninad sin .

Do bhennaigedar agus do phógadar a chéile agus táinic Ciarán ina shlighe féin dochum Eirenn is do an Pátraic isan Iodáil. do bhí clog Chiaráin gan labairt nó go dtáinic sé chum an ionaid a raibe an tobar adubairt Pátraic .i. uarán . óir ár dtecht do