Page:Silva gadelica (I.-XXXI.) v1 - Standish O'Grady.djvu/37

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
513]
 

SILVA GADELICA.


Betha Chiaráin tSaighre.

Beatisimus episcopus Ciaranus sanctorum Hibernie primogenitus .i. is é an tesbog Ciarán saighre cédnaomh do geinedh i nEirinn agus dó'n rann tsiar do chúigedh Laighen é re a nabarthar Osraighe . agus do bhádar Eirennaigh ina nainchríostaidthib agus ina ngeintlib uile san aimsir sin . agus Laighne do b'ainm dá athair agus ba d'uaislib na nosraighech é . agus Liadain ainm a mháthar agus do'n rann tes do'n Mhumain í do chorca Laigde iar gcinél. agus atchonnairc a mháthair aisling sul ar ghab sí Ciarán ina broinn .i. mar do thuitfedh rélt ina bél . agus d'innis an aisling do dhraoithib agus do lucht iuil na haimsire sin agus adubradar ria : bérair mac mírbhuilech agus bud mhór a chlú agus a shubhailceda go deiredh an domain. ina dhiaid sin do geinedh an mac naomtha sin .i. Ciarán agus ís ann rugadh agus do hoiledh é i gcorca Laigde san inis re a nabartar Cléire . agus go fírinnech do thoghaib dia i mbroinn a mháthar é. ar gclos a anma d'Eirinn an tan sin do thionnscain intinn an chrábaidh chrístaidhe i gCiarán . do b'ingantach go mór a thúismigtheoiredha agus gach nech eile atchonnairc é ar a mhéid do ba shubailcech a ghníoma . ba mhín ó nádúir é agus do ba mhilis comrádh agus ba chonách tréithe agus ba fhoirchedal a chomairle . agus mar sin do gach ní eile do bhain le duine naomtha .

Lá éigin dá raib'sé san inis adubramar .i. i gCléire is ann dorigne sé tosach a mhírbuiledh agus ba lenbh óg an tan sin é. táinic priochaigh ós a chionn san aedhar agus do thúirling ina fhiadnaise agus do thógaib én beg do bhí ina luighe ar a neid i bfiadnaise Chiaráin agus rug leis gur chréchtnaig é. do ghab trócaire Ciarán do'n én bheg agus do b'olc leis a bheith isan riocht ina raibhe . d'iompaidh an priochaigh agus d'fágaib an tén i bfiadnaise Chiaráin agus é lethmarb créchtnaighte agus do ráidh

B