Page:Seadna.djvu/9

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
SÉADNA.




CAIBIDIOL A H‑AON.

Cois na teine. Peig, Nóra, Gobnait, Síle bheag, agus Cáit Ní Bhuachalla.




Nóra.—A Pheig, inis sgeul dúinn.

Peig.—B’ait liom san! Inis féin sgeul.

Gobnait.—Ní’l aon mhaith inti, a Pheig. B’fhearr linn do sgeul-sa.

Síle.—Déin, a Pheig. Béimíd ana shocair.

Peig.—Nach maith nár fhanais socair aréir, nuair a bhí “Madra na n‑Ocht gCos” agam dá innsint!

Síle.—Mar sin ní stadfadh Cáit Ní Bhuachalla ach am’ priocadh.

Cáit.—Thugais d’éitheach! Ní rabhas-sa ad’ phriocadh, a chaillichín!

Gobnait.—Ná bac í féin, a Cháit. Ní raibh aoinne ’ghá priocadh ach í ’ghá leigint uirthi.

Síle.—Do bhí, astóin; agus mura mbéadh go raibh, ní liúghfainn.

Nóra.—Abair le Peig ná liúghfair anois, a Shíle, agus ’neósaidh sí sgeul dúinn.

Síle.—Ní liúghfad, a Pheig, pé rud a imtheóchaidh orm.