Page:Seadna.djvu/10

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
6
SÉADNA

Peig.—Má’s eadh, suigh anso am’ aice, i dtreó ná féadfaidh aoinne thú phriocadh a gan fhios dom.

Cáit.—Bíodh geall go bpriocfaidh an cat í. A thoice bhig, bhéadh sgeul breagh againn mura mbéadh tú féin agus do chuid liúighríghe.

Gobnait.—Éist, a Cháit, nó cuirfir ag gol í, agus béimíd gan sgeul. Má curtar fearg ar Pheig ní ’neósaidh sí aon sgeul anocht. ’Seadh anois, a Pheig, tá gach aoinne ciúin ag brath ar sgeul uait.

Peig.—Bhí fear ann fad ó agus isé ainim a bhí air ’ná Séadna. Gréasaidhe b’eadh é. Bhí tigh beag deas clúthmhar aige ag bun cnuic, ar thaobh na fothana. Bhí cathaoir shúgáin aige do dhéin sé féin dó féin, agus ba ghnáth leis suidhe inti um thráthnóna, nuair a bhíodh obair an lae críochnuighthe, agus nuair a shuidheadh sé inti bhíodh sé ar a shástacht. Bhí mealbhóg mine aige ar crochadh i n‑aice na teine, agus anois agus airís chuireadh sé a lámh inti agus thógadh sé lán a dhoirn de’n mhin, agus bhíodh sé ’ghá cogaint ar a shuaimhneas. Bhí crann ubhall ag fás ar an dtaobh amuich de dhorus aige, agus nuair a bhíodh tart air ó bheith ag cogaint na mine, chuireadh sé lámh sa chrann san agus thógadh sé ceann des na h‑ubhlaibh, agus d’itheadh sé é.

Síle.—Ó, a thiarcais, a Pheig, nár dheas é!

Peig.—Ciacu an chathaoir nó an mhin nó an t‑ubhall ba dheas?

Síle.—An t‑ubhall, gan amhras!

Cáit.—B’fhearr liom-sa an mhin. Ní bhainfeadh an t‑ubhall an t‑ocras de dhuine.

Gobnait.—B’fhearr liom-sa an chathaoir, agus chuirfinn Peig ’na suidhe inti, ag innsint na sgeul.

Peig.—Is maith chun plámáis tú, a Ghobnait.