Page:Seadna.djvu/28

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
24
SÉADNA

d’fhan an rian céadna ’na dhiaigh air. An fhaid a bhí sé ar a chromadh thug Séadna feuchaint ghéar ar an eirball, mar bhí comhthrom aige. Chonaic sé amuich ’na bhárr ionga mhór fhada cham théagartha, agus bior nímhe uirthi, agus í ’ghá síor-chasadh féin anonn ’s anall, anonn ’s anall, mar bhéadh bárr eirbaill cait agus é ag faire ar luich.

“Dar fiadh! a bhioránaigh,” arsa Séadna ’na aigne féin, “má bhíon tochas ort, ní bhéidh díth ingne ort!”

Chómh maith agus dá labharfadh Séadna, thóg an Fear Dubh a cheann agus d’fheuch sé air.

“Seachain an ionga san,” ar seisean, “le h‑eagla go mbainfeadh sí an tochas díot-sa agus go gcuirfeadh sí teinneas i n‑inead an tochais ort. Imthigh suas anois agus aistirigh an chathaoir.”

D’imthigh Séadna suas agus isé a bhí go creathánach. Chuir sé lámh go h‑aicillídhe uirthi, agus má chuir, siúd leis í chómh h‑éasga agus bhog sí riamh leis. Chuir sé lámh ar an mealbhóig, agus ní túisge a chuir ’ná a choruigh sí anonn ’s anall fan an fhalla. D’fheuch sé ar an bhFear nDubh.

“Ó! a dhuin’ uasail,” ar seisean, “táim ana bhuídheach díot! Ó! Ó! Ó! go mbuaidhidh Dia go h‑árd leat, agus a Mháthair bheannuighthe!”

Oidhe! a dhaoine mh’ áran agus mh’ anama! Chómh luath agus a tháinig an focal san as béal Shéadna, d’athruigh an Fear Dubh. Thóg sé suas a dhá láimh chómh h‑árd leis na h‑adharcaibh. Tháinig lasair ghorm as a shúilibh. Do rinnc an chrúb. D’eirigh an t‑eirball, do shín an ionga, agus chuir sé an bhúirth as mar chuirfeadh leómhan buile. Do thosnuigh an bhúirth sin le dranntughadh agus do bhorr agus do neartuigh air gur chrith an t‑úrlár, gur chrith an tigh, gur chrith an sliabh mór-thímpal. Nuair a chonaic Séadna an t‑athrughadh agus nuair a airigh sé fuaim agus