Page:Seadna.djvu/278

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

“Sin é ball, díreach, ’nar mhillis-se mise glan,” arsa ’n Fear Dubh. “Bhí an fíor-riachtanas ar dtúis ort agus níor dhéin sé aimhleas duit. Dhéinis an déirc nuair ná raibh agat ach na trí sgillinge. Nuair a chonac san bhí a fhios agam ná déanfadh an riachtanas ba ghéire aon aimhleas duit. Bhíos lán deimhnightheach go ndéanfadh an saidhbhreas duit an rud a theip ar an riachtanas. Níor dhéin. Nuair a chonac ná raibh aon bheann agat ar an saidhbhreas ach chómh beag leis an riachtanas cheapas teacht ort ar shlígh eile. Chuireas an namhaid eile úd ad’ threó. Is mór é m’ eólus ar dhaoinibh agus is dlúth é mo thaithíghe ortha. Is minic a chonac duine ná déanfadh riachtanas aimhleas dó, agus is minic a chonac duine ná déanfadh saidhbhreas aimhleas dó. Ach is anamh riamh a chonac duine ná bainfeadh an namhaid eile úd d’á bhunaibh é. Níor bhain an namhaid eile sin thusa de d’ bhunaibh agus bhain sin mise de m’ bonnaibh. Tá teipithe orm a dhéanamh amach cad é an saghas duine thú i n-aon chor.”

“Namhaid! namhaid! a thugan tú uirthi!” arsa Séadna. “Ní namhaid í, agus is ró mhaith is eól duit-se nach eadh. Ní tusa chuir am’ threó í. Isé Dia chuir am’ threó í, moladh go deó leis! Dá mbéadh a leithéid agat-sa le cur am’ threó ní baoghal ná go gcurfá a malairt siúd am’ threó. Dá mbéadh namhaid agat ’á toghadh dhom gan amhras do thoghfá namhaid i gceart. Cuir uait an camastuíol. Inis an fhírinne. Ní thaithnean an fhírinne leat, nídh nach iongnadh, ach tá ort an fhírinne d’innsint sa chathaoir sin d’á mhéid fuath atá agat di. Inis an fhírinne dhom. Cad chuige dhuit namhaid a thabhairt uirthi siúd, agus cad chuige dhuit a rádh gur tusa chuir am’ threó í?”

“D’á mhéid í do chiall agus do thuisgint ní thuigean