Page:Seadna.djvu/25

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
21
SÉADNA

agus bhíodar araon folamh. Nuair a chonaic Séadna san, thug sé strac-fheuchaint ar an bhFear nDubh, ach má thug, níor chuir seisean aon tsuím ann. Níor leig sé air go bhfeacaidh sé an duine bocht. Nuair d’fheuch Séadna thar n‑ais, bhí an duine bocht imthighthe.

Thiomáineadar leó. Níor labhair aoinne acu focal. Fé dheire bhíodar ag déanamh ar an dtigh. Bhuail duine des na cómharsanaibh úmpa agus bheannuigh sé do Shéadna.

“Dia is Muire dhuit, a Shéadna,” ar seisean. “Nach luath sa lá atáir tagaithe abhaile ó’n sráid, agus tú ad’ aonar leis!”

“Ní raibh puínn le déanamh agam,” ar seisean, agus thug sé strac-fheuchaint eile ar an bhFear nDubh. Níor chuir an Fear Dubh aon tsuím ann, agus ansan do thuig Séadna ná feacaidh an chómharsa é.

Chuadar isteach. Bhí an chathaoir ansúd i n‑aice an tínteáin agus gan cor curtha dhi ó fhág Séadna í ar maidin. Bhí an mhealbhóg ansúd ar crochadh, ar an ndul gcéadna ar a bhfeacaidh sé ar maidin í nuair a bhain sé an dorn déanach mine aisti. D’fheuch an Fear Dubh ortha, ar an gcathaoir agus ar an mealbhóig. Ansan d’fheuch sé ar Shéadna.

“Aistirigh í sin,” ar seisean.

Chuaidh Séadna anonn agus chuir sé a lámh ar dhrom na cathaoireach.

“Ó,” ar seisean. “Tá sí ceangailte!”

Chuir sé an dá láimh uirthi. Theip air filleadh ná feacadh a bhaint aisti.

“Aililliú,” ar seisean. “Tá sí chómh daingean agus ’tá an chos insa tuairgín!”

“Aistirigh an mhealbhóg,” arsa ’n Fear Dubh.

Chuaidh sé suas agus bhuail sé lámh ar an mealbhóig.