Page:Seadna.djvu/24

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
20
SÉADNA

Peig.—Agus Éamonn a athair. Sidé Éamonn óg—Éamonn óg ua Flainn. Is breagh an ainim í, a Cháit. Molaim thú!

Nóra.—Agus molaim-se Séadna, a Pheig, mar fuair sé an sparán agus cead tarang as. Ach conus do sgar sé leis an réice? Nó ar sgar sé i n‑aon chor leis?

Síle.—Is baoghalach nár sgar sé ar foghnamh leis.

Peig.—Níor sgar sé leis go dtánadar araon go tigh Shéadna. Is ar éigin do bhí aghaidh tabhartha acu ar an mbaile nuair a chonaic Séadna airís an leanbh agus an bríc aráin fé n’ osguil aige, agus bhí sé sa driuch i n‑a bhfeacaidh sé ar dtúis é. D’fheuch sé ar Shéadna go buidheach, agus ansan do sgeinn sé as a radharc.

Ba ghairid dóibh ’na dhiaigh sin go bhfeacaidh Séadna an bhean chos-nochtaithe, agus d’fheuch sise leis air go buidheach, agus d’osgail sí a lámh dheas i gcaoi go bhfeacaidh sé an sgilling ansúd ar chroídhe a dearnan agus ansan do sgeinn sí as a radharc fé mar a dhéin an leanbh.

Fé cheann tamaill eile do chonaic Séadna, ag siúbhal ar an mbóthar roimis amach, an duine bocht gur thug sé an cheud sgilling dó. Bhí drom an duine bhoicht leis, ach mar sin féin d’aithin sé go maith é.

“Ní fheadar,” arsa Séadna ’na aigne féin, “ar choimeád sé an sgilling a thugas dó, fé mar a choimeád an bhean a ceann féin, nó fé mar a choimeád an leanbh an bríc.”

Ní túisge bhí an méid sin machtnaimh déanta aige ’ná d’iompuigh an duine bocht ar a sháil agus thug sé a aghaidh ortha. Do bhí dhá dheóir mhóra ag teacht anuas ó n‑a dhá shúil. Do shín sé amach a dhá láimh agus iad ar leathadh, i dtreó go bhfuair Séadna radharc ar a dhá dhearnan,