Page:Seadna.djvu/196

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
192
SÉADNA

‘Tá óigbhean anso ó’n Múmhain,’ ar seisean, ‘agus deir sí gur rug duine éigin trí chéad púnt uaithi, agus nach féidir léi teacht suas leis, agus go dtáinig sí chun gearáin do chur isteach air, i láthair an rígh.’

‘Is deacair do’n rígh teacht suas leó go léir,’ arsa ’n ceann. ‘Tá fiadhach ar fuid na h-Éirean,’ ar seisean, ‘le breis agus trí seachtmhaine, ar bhitheamhnach éigin eile agus is dóich liom gur sa Mhúmhain a dhéin sé pé coir atá déanta aige. Támaoid cráidhte, céasda, ciapaithe, ag Muímhneachaibh.’

“Níor labhair Cormac drud.

‘Cathain a theastuighean uaithi labhairt leis an rígh?’ arsa ’n ceann.

‘Pé tráth do cheapfadh an rígh féin,’ arsa Cormac, agus do shleamhnuigh sé píosa óir isteach i láimh an chinn.

‘Fan ansan go fóil,” arsa ’n ceann, agus d’imthigh se. Ba ghearr gur fhill sé. ‘Bíodh sí anso um eadarthra amáireach,’ ar seisean, ‘agus gheabhaidh sí ceart. Tá ceart le fághail anso ag íseal agus ag uasal. Bíodh sí anso amáireach um eadarthra agus fág an chuid eile fúm-sa.”