Page:Seadna.djvu/195

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
191
SÉADNA

sleamhain iad leacacha an tíghe mhóir.” Is maith an dá shean-fhocal iad agus is mairg ná coimeádfadh i n-a aigne iad go cruinn.’

‘Ní baoghal duit,’ ar sise. ‘Ní’l uaim ach go gcurfaí mé am’ sheasamh i láthair an rígh agus go dtabharfaí cead cainte dhom. Ní’l agam le rádh leis ach go dtáinig duine uasal go tigh m’athar sa Mhumhain; gur thaisbeáin sé fáinne an rígh dhom. Gur leig sé air gur ag ceannach capall do’n rígh a bhí sé; gur cheannuigh sé iad i n-ainim an rígh; gur leig sé air liom-sa ná raibh oiread airgid aige agus a dhíolfadh as a raibh ceannuighthe aige agus dá dtugainn-se trí chéad púnt ar iasacht dó, i n-ainim an rígh, ar feadh raint laetheanta go mbéadh comaoin agam d’á chur ar an rígh agus ná rachadh san gan innsint dó, gur thugas mo thrí chéad púnt do’n duine uasal san i n-ainim an rígh; gur fhág san mé féin agus m’ athair beó bocht, mura bhfuil sé ar chumas an rígh leigheas do dhéanamh ar an olc do déineadh i n-a ainim.’

‘Tá go maith,’ arsa Cormac, ‘ná h-inis d’aoinne beó an nídh seo atá ar aigne agat. Nuair a bhéidh do sgéal innste agat abair leis an rígh go n-aithneóchthá an Síogaidhe dá bhfaghthá radharc air, agus dá mb’ é toil a onóra congnamh fear do chur leat go raghfá ar a lorg agus go dtabharfá chun lámha é.’

‘D’aithneóchainn ceann an chuirpthigh,’ ar sise, ‘dá mbéadh sé ar feadh cheithre h-uaire fichid d’á bheiriughadh i gcorcán praisge, agus bainfead-sa an forcamás de, geallaim dhuit é.’

“D’imthigh Cormac agus fuair sé lóisdín di. D’imthigh sé ansan agus do labhair sé leis an bhfear a bhí ’na cheann ar theaghlach an rígh. Bhí aithne aige ortha go léir.