Page:Seadna.djvu/122

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
118
SÉADNA

cúpla focal a labhairt le Máire. Cheapas ná raibh uain aige ar dhul isteach nuair a bhí sé imthighthe. Má labhair sé i n‑aon chor níor labhair sé thar an dá fhocal. D’imthigh sé mar imtheóchadh an t‑eun. Pé rud adúbhairt sé, ní fheaca-sa riamh a leithéid d’athrughadh i n‑aon Chríostaidhe agus a bhí inti sin as san amach. Do tháinig a goile dhi agus do tháinig a luisne dhi. D’imthigh an mhairbhitíghe agus an dúire. Ba ghearr go raibh a guth chómh h‑aibigh agus a gáire chómh binn agus dh’airigheas riamh ó n‑a máthair, an lá is óige a bhí sí. Má’s amhlaidh dh’inis sé dhi go raibh geallamhaint tabhartha do Shadhbh aige, is deacair a rádh go dtógfadh san an ceó d’á croídhe mar a tógadh é. Ba dhóigh liom gurab é rud a dhéanfadh sé ’ná an galar dóghach a chur ar fad uirthi.”

“Am briathar ’s ambasa, a Sheághain,” arsa ’n sagart, “go bhfuil iongnadh mhór agat d’á chur orm, feuch. An lá tháinig sé anso chun cainte liom-sa, cheapas, nídh nárbh’ iongnadh, gur chun an chleamhnais a chríochnughadh a tháinig sé. Dúbhairt sé liom gur bh’fhearr leis ’ná a raibh d’ór agus d’airgead an tsaoghal aige go bhféadfadh sé Máire a phósadh. Cheapas féin go raibh sgeul áthais agam d’á innsint dó nuair adúbhart leis gur bh’fheasach dom Máire bheith lán-toilteanach do’n chleamhnas. I n‑a inead san is amhlaidh ba dhóigh leat gur innseas dó go raibh sí tar éis bháis. ‘Is truagh agus is tubaisteach an sgeul é,’ ar seisean, agus do sgiúrd sé an doras amach uaim mar dhéanfadh duine buile.”

“Pé rud adúbhairt sé le Máire, le n‑ar baineadh an galar dóghach di, tá eagla orm go bhfuil greim daingean éigin ag Sadhbh air, agus mura mbéadh go bhfuil, ná béadh sise ’ghá mhaoidheamh ar fuid na dúithe mar atá sí, agus ná sgarfadh seisean chómh bog le mnaoi go raibh oiread san ceana aige uirthi, agus aici air.”