Jump to content

Page:Seadna.djvu/121

From Wikisource
This page has been validated.
117
SÉADNA

crann a bhí air agus a leithéid de gheallamhaint a thabhairt uaidh d’á leithéid de mhnaoi.”

Nuair a bhuail Seághan agus an sagart um a chéile do shocruigheadar an sgeul eatortha ar a sástacht féin. Go dtí san, do theip ar aoinne acu bun ná barr d’fhághail ar an sgeul, ach nuair a bhí ráfla Shadhbh acu do thuigeadar é go léir tríd síos.

Síle.—Thuigeadar, dar leó féin.

Peig.—Dar leó féin, go díreach. Cheapadar go raibh bun agus bárr an sgéil go cruinn agus go baileach acu nuair a bhí fios na geallamhna acu, agus is iad a bhí go h‑athtruaghach agus go dubrónach de bhárr an mhí-ádh a bhí ar Shéadna, agus an chuma i n‑a raibh Sadhbh ag déanamh toirmisg dó.

“Ní fheadar an tsaoghal,” arsa ’n sagart, “cad é an mallachar radhairc a bhí air agus a leithéid de gheallamhaint a thabhairt d’á leithéid de mhnaoi.”

“Is dócha,” arsa Seághan, “gur an fhaid a bhí an dealbhas air a dhéin sé é. Do gheibheadh sé leathar ar cáirde go minic ó Dhiarmuid, agus b’fhéidir gur cheap an fear bocht, dá bpósadh sé Sadhbh, go mbéadh tinteán tirim teann aige, pé i n‑Éirinn é, pé compórd eile bhéadh aige ná ná béadh.”

“Gabhaim-se orm,” arsa ’n sagart, “ná raibh aon bhaoghal go bpósfadh sí an uair sin é. Ach mar sin féin, b’fhéidir nár mhisde léi an gheallamhaint do ghlacadh uaidh. Níl teóra le n‑a leithéidí nuair a luíghid siad amach ar an bhfeall agus ar an gcalaois agus ar an éitheach.”

“Fágaim le h‑uadhacht, a Athair,” arsa Seághan Ceatach, “gur dócha go bhfuil an ceart agat. Ach ar a shon san, tá a lán sa sgeul nach féidir a thuisgint. An lá bhí sé thiar agam’ thigh-se, dúbhairt sé gur oir dó