Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/164

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
148
BÉ AN tSIOPA SEANDAĊTA

“A amadáin,” ar sise, “naċ raiḃ ḟios agad naċ raiḃ mé ariaṁ aċt ag iarraiḋ ṫú ṁeallaḋ ionnós go ḃféadfaḋ Peadar boċt a ċuid gnóṫa a ḋéanaṁ ar a ṡuaiṁneas.”

D’eiriġ an ḃean n-a seasaṁ go maorḋa.

“Imṫiġ as an teaċ seo,” ar sise go huġdarásaċ, “agus ná feictear annseo arís ṫú, a ḃeiṫeaṁnaiġ.”

D’imṫiġ sé.

Peadar boċt an focal ḃí aici. Peadar boċt deireaḋ an fear ar an tsráid agus rún díoġaltais n-a ċroiḋe. Peadar boċt deireaḋ bean agus deór faoi n-a súil. Peadar boċt deireaḋ na faoileáin ós cionn aḃna na Life. Peadar boċt deireaḋ an ġaoiṫ anoir ó’n muir....

Ċaiṫ an bleaċtaire an ċuid eile de’n lá n-a ṡeómra féin. Ṫáinic an oiḋċe, agus nuair a ṫáinic, ṫáinic na súile freisin: súile tarcuisneaċa de’n uile ḋaṫ agus de’n uile ċineál. Ḃídís ṫall is i ḃfus. Iad ag dearcaḋ anonn ’s anall, aníos agus anuas air. Iad magaṁail sgigeaṁail. Iad tarcuisneaċ bagarṫaċ. Súile Ṗeadair annseo. Súile bé an tsiopa seandaċta annsiúd....

Las sé coinneal. Níor ċuir sin ruaig orra. Rug sé ar a hata agus ṡíl iad a ḃualaḋ mar ḃuailṫeá míoltóga nó cuileóga tiġe lá saṁraiḋ. É ag béic- iuġaḋ agus ag sgréaċaḋ agus ag bagairt orra....

Ċonnaic sé péire díḃ ós cionn na teine. Ṫáinic buile air. Ṡíl sé a ndíbirt. Rinne sé iarraċt ar a mbladar le briaṫra boga béil. Ġeall sé seo agus