Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/163

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
147
BÉ AN tSIOPA SEANDAĊTA

Ní raiḃ aon ċainnt aige léiṫi ó roiṁ an Eirġe- Amaċ: cé’n ḃaraṁail ḃéaḋ aici ar an obair? Ḃí sé cleaċtaċ ar ḃréagaiḃ innseaċt—ḃí socruiġṫe aige molaḋ ṫaḃairt do pé ar biṫ dream díḃ is feárr a ṫaiṫniġ léiṫi. D’ḟéadfaḋ sé a ráḋ léiṫi go raiḃ sé féin ag troid agus gur eiriġ leis éaluġaḋ as, dá mba rud é go mbogfaiḋe a croiḋe ar an dóiġ sin.

Aċt is beag an fios ḃí aige. Ní raiḃ aon ċéapaḋ aige go raiḃ sí mór le Peadar, go dtug sí gean a croiḋe ḋó, go raiḃ an croiḋe sin n-a ċloiċ n-a lár anois....

Ċuaiḋ sé ṫar an ḃfuinneóig. Ní raiḃ sé de ṁisneaċ aige ḋul isteaċ. Ḋearc sé ar an ḃfuinneóig ṫall, áit a mbíoḋ Peadar Ó Doṁnaill n-a ṡuiḋe agus é féin ġá ḟaire. Ḃí dallóga ar na fuinneógaiḃ indiu.

Ġlac sé misneaċ. Ġaḃfaḋ sé isteaċ. Iarraḋ sé uirri é ṗósaḋ. Ġlanaḋ sé leis ó’n gcaṫair. Feilm ḃeag fá’n dtuaiṫ ḃéaḋ aca. Ní ḃéaḋ a ḟios ag aon duine cé’n ċéird ḃí aige. Ní ḃéaḋ ḟios ag bé an tsiopa seandaċta go deó é....

Ḃí sí istiġ roiṁe. Brón ṫar aon ḃrón dá ḃfaca sé ariaṁ n-a héadan.

Ġeit sí nuair ċonnaic sí cé ḃí aici ann. N-a suiḋe i n-aice an dorais ḃí sí.

“Tusa ṫeaċt annseo!” ar sí.

“Tuige naċ dtiocfainn agus an aimsir ċráiḋte atá ann? An aimsir ṫubuisteaċ atá ann—,” ṡíl sé láṁ a leagaint ar láiṁ léiṫi ḃí caiṫte ṫar cúl na caṫaoireaċ aċt sgiob sí uaiḋ í.

“Ḃíoḋṫá mór liom uair,” ar seisean go cas- aoideaċ.