Page:Rubáiiát Omár Caiiám ó Naíseápúr - Ó Donnchadha.djvu/9

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

sa bhliadhain d'Omár; agus do mhair sé air sin go sásta go dtí lá a bháis.

Bhíodh sé ag gabháil don léighean i gcomhnuidhe, agus do scríobh sé roinnt leabhar i bprós agus i bhfilidheacht. Bhí ainm mhór air i dtaobh a fheabhus a bhí sé san Réalteólus. Do cheap sé cláracha luachmhara don ealadhain sin. Bhí sé ar an ochtar fear a ceapadh, aimsir Malic Seáh, chun ceartú a dhéanamh ar an gcailliúir. Agus n-a theannta san do cheap sé leabhar ar Algéabar.

II.

Rugadh Éadbhard Mac Gearailt ag Bredfield House, i n-aice le Woodbridge, Suffolk, i Sasana, an lá deireannach de mhí na Márta, 1809. Sliocht deóruithe ó Éirinn é ar thaobh a athar is a mháthar. Seán Puirséal ab ainm is sloinne dá athair, agus Gearaltach ab eadh a mháthair. Nuair a cailleadh athair a chéile do ghlac Seán Puirséal chuige fhéin sloinne agus armus na nGearaltach. Éadbhard an tríomhadh mac a bhí aca.

Sa bhliain 1821 do cuireadh chun scoile é go dtí King Edward VI Grammar School ag Bury St. Edmunds. Sa bhliain 1826 chuaidh sé go dtí Coláiste na Tríonóide ag Cambridge, mar a bhfuair sé a chéim sa bhliain 1830. Duine dá chomhscoláirí ab eadh Thackeray.

Do chaith an Gearaltach urmhór a shaoghail ag Bredfield. Thug sé cuaird ar an bhFraingc sa bhliain 1825.

Duine mór muinteardha dhó ab eadh Bernard Barton, file, ó Woodbridge, agus phós sé inghean leis an nduine uasal sin.

Bhí an Gearaltach simplidhe n-a bhéasaibh; bhí

3