Page:Rubáiiát Omár Caiiám ó Naíseápúr - Ó Donnchadha.djvu/10

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

caoin lághach cúthail n-a mheóin; agus bhí carthannach fial.

Dhein sé mórán aistriúcháin ar a ionad chomhnuithe; acht fé dheire sa bhliain 1874 chuaidh sé chun comhnuithe go dtí Little Grange mar a bhfuair sé bás.

Bhí sé tugaithe do bhádóireacht. Bhí coite aige agus thugadh sé tamall gach bliadhain ar an bhfairrge mórthimcheall cóstaí Shasana. Acht sa bhliain 1877 do cailleadh an fear báid a bhí aige. Chuir sé suas den tseólthóireacht annsan, agus d'iompuigh sé ar ghárnóireacht.

An 14 lá de Mheitheamh an tsamhraidh, 1883, fuair sé bás obann agus é ar cuaird ag Merton Rectory, Norfolk. Tá sé curtha ag Boulge.

Ar shon gur scríbh sé a lán níor chuir sé riamh i gcló féna ainm acht aon leabhar amháin .i. "Six Dramas of Calderon," sa bhliain 1852. Aistriúchán ón Spáinnis agus ón nGréigis agus on bPeirsis iseadh urmhór a shaothair litridheachta.

Sa bhliain 1856 d'áitimh an tOllamh Cowell air stuidéar a dhéanamh ar litridheacht na Peirse. Do dhein, agus sa bhliain 1859 do cuireadh "Ceathramhna" Omár i gcló don chéad uair. Fé mar ba ghnáth leis an nGearaltach, níor chuir sé a ainm leis. Bhí 75 "ceathramhna" sa chló san. An t-aistriú a dheineassa air sin do cuireadh i gcló é i "Sinn Féin" na Nodlag, 1908, i n-éinfheacht le Rémhrádh ón bhFear Eagair, ó Art O Ghríobhtha. Is beag an meas a bhí ar an leabhar san an Ghearaltaigh ar dtúis. Acht tháinig cóib den leabhar i láimh an fhile Swinburne. Do mhol seisean dá cháirdibh é, agus as san amach bhí rith an ráis leis. Tá clú litridheachta an Ghearaltaigh i dtaobh leis an aistriú san amháin.

4