Page:Rubáiiát Omár Caiiám ó Naíseápúr - Ó Donnchadha.djvu/36

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

Corn seachtfháinneach Seámsíd: Impire Peirse do b'eadh Seámsíd. An cailiúir a ceapadh lena linn sin, is air a bhí Omár agus an móirfheisear suadh eile ag obair ghá cheartú. Bhí corn draoidóireachta aige ara raibh seacht bhfáinní gréasta, ar aithris na seacht bhflaitheas, agus na seacht bpláinéad, agus na seacht bhfairrgí, etc.

VI. Feallamhail .i. Philomel, éan na hoidhche. Arsaidheacht teanga .i. Pehlebhí an ainm atá aca ar chanamhaint den tSeanpheirsis.

An scéil bhuidhe: Tagairt don rós dearg a bheith mílítheach, nó neachtraca, don rós bhuidhe gur cheart di bheith dearg.

VIII. An Bhaibilin: Tugtar an Bhaibileóin air leis sa Ghaedhilg.

Lathairt .i. lionn.

IX. Caícobád: Rí comhachtach sa Pheirse. Chuir sé mórán dúithchí féna smacht Sa bhliain 1219 do dhein rí dhe. Agus sa bhliain 1234 fuair sé bás de dheascaibh nimhe a thug a mhac dó.

X. Caíchosrú. Rí comhachtach eile é sin go bhfuil cur síos ar a mhórghníomharthaibh san Seáhnáma .i. i gceann desna seódaibh is luachmhaire i bhfilidheaht na Peirse. Nuair a bhí sé i mbláth a nirt is a rachmusa do thréig sé an saoghal, agus d'imthigh go hobhann a d'iarraidh suaimhneasa go dtí ball iargcúldha. Fuair sé bás sa bhliain

1199.

30