Page:Rubáiiát Omár Caiiám ó Naíseápúr - Ó Donnchadha.djvu/35

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

TAGRA.

II. éag na maidne nár chirt: San Domhan Thoir, tuairim is uair an chluig roimh bhreacadh an lae ar maidin, tagann lonnradh, mar bheadh camhaoir, fan íoghair na spéire. An Chamhaoir bhréige a tugtar air. Ní fhanann sé acht tamall beag.

Fé thathamh .i. n-a chodladh.

IV. Tuidheacht na callainne nua .i. teacht na bliana nua. Ar Comhnocht an Earraigh .i. an uair a bhíd an oidhche is an lá ar comhfhaid, iseadh thosnuigheann an bhliain sa Pheirse. Bíonn lá féile aca fós an chéad lá den bhliain nua. Tagann an t-earrach an-obann san tír sin. Ar éigin a bhíonn sneachta an gheimhridh leachta nuair a bhíd blátha agus scothanna ar fagháil go flúirseach.

Gealachrobh Mhaoise: Tagairt do Exodus, iv. 6. Samhluigheann an file na blátha bána do bheith ar ghile láimhe Maoise nuair a shín sé uaidh í.

Mearanál Josa: Do réir na bPeirseach is ina anáil a bhí comhachta Iosa.

V. Irám .i. cathair a bhí san Araib. Do

foluigheadh fén luimreach ghainmhidhe é.

29