X.
Go dtéighid sin slán. Cár bhfeárr dúinn féinig tnúth Le Caícobád na mál 's le Caíchosrú? Bíodh Zál is Rustum úd le héachta ag ádhbhacht, Is béile ofráladh Hátim — séanse iad súd.
XI.
Lem aisse bí spás ar dáil fan imeall an fheóir Idir fhearann an bhráca is fás an luimrigh mhóir I n-áit nach treise ann ar threón ná ar aimid de thráill 'S sin beannacht na ngrást le Mahmúd cumais an óir.
XII.
Fé dhuilleabhar chraoibhe bím lem leabhar amhrán; Bíodh corn maith fíona is bríce im aice dhen arán; 'S an díthreabh acht go mbeitheása im fhochair led laoi — Dar liomsa níor dhíthreabh í acht parrathas árd!
XIII.
Bíonn duine is sé réim an tsaoghail a mheallann a chroidhe; 'S duine eile is sé aonbhrogh Dé dá raideann sé gnaoi; Glaeidh ar an earradh do-chír, sar thuilleadh ná héighimh; An druma úd i gcéin ná géill dá chlagar le suim!
XIV.
Féach seal ara an rós is gleóite balaith; sé duairt: "Bionn aiteas im beól ar bheóibh nuair phreabaim go suairc; Stróicse 'em baitheas go luath a cheangailbheart sróill,
Is caith ar an bhfód a stór 'sa mhaise 'sa bhuadh."
10