Page:Rubáiiát Omár Caiiám ó Naíseápúr - Ó Donnchadha.djvu/13

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

fhan aige annsan acht claoidhe le saoghal an lae Indiu, a bhíodh i gcomhnuidhe ag sleamhnú uaidh, agus glacadh leis sin mar fhéadfadh sé é. D'iarradh sé ar a lucht leanamhna an corn do líonadh agus bheith ag ól go meidhreach, mar nár bhfhios cadé an treó a bheadh ortha imbáireach. Is díol truaighe an feallsamh bocht a d'iarraidh bheith meidhreach agus ná bíonn dá bhárr aige acht an lionndubh. Dhein sé dia beag den bhfíon is den tSáicí, don té dheineadh an fíon do roinnt; acht is fuirist a aithint air ná raibh aigne sásta aige da bhárr. Acht ní féidir a rádh le cruinneas an ag magadh nó i ndáríribh a bhíonn sé aonuair. Níl le déanamh againn acht glacadh leis mar atá sé.

Ní féidir a shéanadh, amhthach, ná gur dhein an Gearaltach go minic fiarsceó ar chainnt an tseanfhondúra bhoicht. Dhein sé déadhnúchán—má's ceart dam téarma nua a thabhairt air—.i. thug sé Omár "suas chun dáta." Acht tá leathscéal aige dar ndóigh: Má cailleadh a lán de choraibh na seanaimsireachta, is deimhin gur eirigh leis giota maith litridheachta a cheapadh sa Bhéarla.

IV.

Ar éigin atá saothrú a dhóithin fós ar fheallsúnacht sa Ghaedhilg chun obair dhen tsórd so d'aistriú innti le bárr chruinneasa. Tá súil agam, ar an adhbhar san, ná beifar ró-dhian ar an iarracht so toisc gach ar theip orm a thabhairt liom.

Ní miste liom mo bhuidheachas a ghabháil le muinntir Mhártain Lester a ghaibh ortha féin an leabhar so a chur i gcló. Do chuir "Crádh Croidhe Éigeas" anaspéis ann, agus do chabhruigh liom go mór. Táim buidheach dhe mar gheall ar a thrioblóid.

Lá Samhna, 1920.
TORNA
 

7