Jump to content

Page:Rubáiiát Omár Caiiám ó Naíseápúr - Ó Donnchadha.djvu/12

From Wikisource
This page has been proofread.

comhfhuaim an tríomhadh líne do scoilt n-a dhá leath agus é iompáil bunoscionn. Dfhág san aichill agam—an tslighe is coitchianta san Ghaedhilg chun tonn cainnte d'iomchur. Ní gádh acht ceathramha a léigheamh chun san a thabhairt fé ndeara.

Ní fuláir gan a dhearmhad gur sa Pheirse a ceapadh an aiste seo ar dtúis; agus n-a theanntasan go bhfuil naoi gcéad bliadhan ann ó cumadh é. Mar sin ní miste bheith ag súil lena lán ann a bhaineann le saoghal na Peirse, agus le seanchus na tíre sin; agus fós iarsmaí aigne an duine a chéadcheap é.

Tír na rós iseadh an Pheirse. Bíd siad ann nádúrtha, ar gach aondath—idir dhearg agus bhuidhe agus bhán—agus iad go flúirseach. Agus ar theacht an earraigh a thosnuighid siad ar scéidhe.

An tsinnealach, nó éan na hoidhche, isí sin éan toghtha na bhfilí sa Pheirse. Bíd siad á moladh i gcomhnuidhe.

Ní ró-mhór an meas a bhí ar Omár i measc a chine féin riamh. Isé fáth a bhí leis sin, do réir dheallraimh, an magadh a dheineadh sé fén ghné sin de chreideamh Mhahomet a chleachtaidís. Dream corrathónach iseadh iad. Táid siad géarchúiseach n-a gcéadfadhaibh cuirp agus anma. Agus i n-aimsir Omár bhíodar go mór fé anáil na Súifíoch, dream crábhaidh a bhí tugaithe do nósaibh rúndha feallsamhnachta is creidimh. Bhíodh Omár dian orthasan, mar, leis an bhfoghluim a bhí air fhéin, do thuig sé ná raibh n-a nósaibh súd acht mar bheadh bratach feasa ag folach a n-ainbhfiosa is a mbréagcrábhaidh.

Acht dá mhéid é foghluim Omár, do theip air crábhadh ná creideamh ab fhearr a cheapadh dhó fhéin ná do dhaoine eile. Thug sé fé shaoghal an lae Imbáireach d'innfhiúchadh roimh ré, agus níor éirigh leis. Níor

6