Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/77

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
73
NIAṀ

'ná aon ḟear capail, agus ba ḃuaine. Ní ṡeasóċ' capal i n-aon ċor le duine acu. B'ḟéidir go mbéaḋ an capal níos géire 'ná an cuisiḋe i dtusaċ an ċúrsa, aċ sar a mbéaḋ fiċe míle curṫa ḋíoḃ acu ḃéaḋ an capal buailte amaċ. Ansan iseaḋ ḃéaḋ a ċuisiḋeaċt ag teaċt i gceart do'n ġiolla turais, agus ḃéaḋ trí fiċid míle curṫa ḋé aige sar a' mbéaḋ aon ḃlúire tuirse ag teaċt air. Ansan féin níor ġáḋ ḋó aċ sodar réiḋ a ḋéanaṁ ar feaḋ tamail ḃig agus ḃéaḋ anál agus misneaċ agus a lán-riṫ airís aige. Ní raiḃ aon ṁaiṫ i gcapailiḃ 'n-a n-aice súd.

D'á éaġmais sin, ní raiḃ coill ná cnuc, gleann ná portaċ ná aḃa i n-Éirinn ná raiḃ aiṫne acu orṫa go léir, agus ġaḃdís gaċ aon ċóṁngar, i dtreó gur ṁinic ná bíoḋ míle 'ṡlíġ acu le gaḃáil nuair nár ḃfoláir d'ḟear capail gaḃáil, b'ḟéidir, deiċ míle de ṫímpal. Ansan, is 'mó rud a ċuirfeaḋ ríġneas ar ḟear capail ná cuireaḋ aon ríġneas orṫa súd. Ḃíoḋ balcuisí éadtroma orṫa, agus bróga éadtroma, agus is minic ná bíoḋ aon ḃróga orṫa. Ḃíoḋ aiṫne ins gaċ aon ḃall orṫa, agus ċóṁ luaṫ agus ṫiocfaḋ tart nó ocras orṫa ní ḃíoḋ acu aċ aġaiḋ a ṫaḃairt ar an gcéad ṫiġ a ḃuailfeaḋ úmpa agus ġeóḃdís a ndóṫin bíḋ agus díġe. Dá mbéaḋ orṫa gaḃáil tré ḋúṫaiġ naṁad ḃéaḋ arm acu, arm éigin ná béaḋ ró ṫrom. Nuair a neartuiġ cóṁaċt Ḃriain ní ḃíoḋ aon ġáḋ le h-arm acu. Ḃí ḟios ag gaċ aoinne gur ḃ'iad teaċtairí Ḃriain iad. Níor ḃeag san. Is aṁlaiḋ a ḃíoḋ gaċ aoinne ag caḃruġaḋ leó i n-inead aon ċeataiġe ḋéanaṁ dóiḃ. Do tugtí bia agus deoċ agus onóir agus uraim dóiḃ mar ġeall ar Ḃrian, agus ní baoġal go dtugaidís aon ċúis d' aoinne ċun aon ġearáin a ċur isteaċ orṫa, ḃí a leiṫéid sin de smaċt ag Brian orṫa.

Ḃíoḋ cuid des na h-uaisle b' aoirde i n-Éirinn sa ġnó san. Ṫugaḋ an gnó eólus dóiḃ ar an dtír agus ar na daoine, ní b'ḟearr 'ná mar a ḋ'ḟéadfaidís a ḋ'ḟáġail ar