Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/76

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
72
NIAṀ

nó ċúig ṡeaċtṁaine tar éis na dteaċtairí ó Leaṫ Ċuinn a ḃeiṫ i gCeann Cora, ṫáinig teaċtaireaċt ó Uíḃ Máine ag triall air 'ġá ráḋ leis dul óṫuaiḋ aḃaile láiṫreaċ, go raiḃ teaċtairí Ḃriain tar eis dul mór-tímpal ċun uaisle na tíre go léir, 'ġá ráḋ leó ḃeiṫ i gCeann Cora lá áiriġṫe, iad féin agus a gcongnaṁ fear, agus do h-ainimniġeaḋ an lá. D'imṫiġ sé aḃaile. Do ġleus sé féin agus a aṫair oiread nirt agus d'ḟéadadar, agus ṫánadar go Ceann Cora. Ḃíodar ann i gcóir an lae a ḃí ceapaiṫe. Níor ḃ' ḟada go raiḃ mór-ṡluaġ láidir uasal cruinniġṫe ann. Ní raiḃ ḟios acu cad é an gnó a ḃí ḋíoḃ, aċ ba ċuma leó. Ḃí ḟios acu go raiḃ gnó ag Brian díoḃ agus gur ḃ' é a ngnó féin é. Nár ḃaoġal go dtaḃarfaḋ Brian ó'n mbaile iad mura mbéaḋ cúis ṁaiṫ a ḃeiṫe aige ċuige agus gur ḃ' iad féin a ḃéaḋ beirṫe ar ball le pé gnó a ḃí le déanaṁ aige.

Na Loċlanaiġ a ḃí socair ċun cóṁnuiġṫe i n-Éirinn agus tar éis géilleaḋ do Ḃrian agus d'á ḋliġṫiḃ, ḃíodar ann ċóṁ maiṫ leis na Gaeḋlaiḃ, agus ba ṁór an ḃreis iad ar neart slóġ Ḃriain, agus ba ṁaiṫ.

Ḃí teaċtairí maiṫe ag Brian. Giollaí turais a tugtí orṫa. Fir óga luaṫa láidire ab eaḋ iad agus ḃí ana ċuisiḋeaċt ag gaċ teaċtaire acu. Fir ṫoḃṫa ab eaḋ iad. Mar ġeall ar ḟeaḃas a gcuisiḋeaċta a déintí iad do ṫoġaḋ. 'N-a gcuis iseaḋ ṫéidís ar ṫeaċtaireaċt. Nuair a ḃíoḋ sgéala ag Brian le cur go h-oban ag triall ar ríġ éigin de ríġṫiḃ Éirean nó ar ḋuin'uasal éigin, ní ḋeineaḋ sé aċ duine des na teaċtairíḃ sin a ċomáint uaiḋ ag triall ar an ríġ sin, nó ag triall ar an nduin'uasal san, leis an dteaċtaireaċt. Ġluaiseóċ' an teaċtaire sin 'n-a ċuis, agus níor ḃ'ḟada go mbéaḋ an teaċtaireaċt tagaiṫe ċun cinn.

'Na ċuis iseaḋ ḋ'imṫiġeaḋ an teaċtaire, aċ má seaḋ ba luaṫa 'n-a ċuis é 'ná fear eile ar muin capail. Nuair a ṫéiḋeaḋ na giollaí turais sin i dtaiṫiġe reaṫa ba luaṫa iad