chuige. Ansan d’eirigh sé suas agus dubhairt sé leó: [1]An duine agaibh atá gan pheaca caitheadh sé an chéad chloch léi. 8Agus do chrom sé síos airís agus bhí sé ag sgrí ar an dtalamh. 9Nuair a dh’airigheadar an focal d’imthigheadar ’n-a nduine ’s ’n-a nduine, na seanóirí ar dtúis; agus do fágadh Íosa i n’ aonar agus an bhean ’n-a seasamh i láthair. 10Ansan d’eirigh Íosa suas, agus dubhairt sé leis an mnaoi: A bhean, cá bhfuil na daoine a bhí ag cur ad’ leith? An amhlaidh nár dhaor aoinne thu? 11Agus dubhairt sí: Níor dhaor, a Thighearna. Agus dubhairt Íosa: Ní dhaorfad-sa thu ach chómh beag. Imthigh, agus as so amach ná dein an peaca airís.
12Agus ansan do labhair Íosa airís agus dubhairt sé: [2]Mise solus an domhain; an t-é a leanfaidh mé ní shiubhlóchaidh sé sa doircheacht, ach beidh aige solus na beatha. 13Agus dubhairt na Fairisínigh leis: Taoí-se ag déanamh fiadhnaise ort féin; Ní’l t’fhiadhnaise fírinneach. 14D’fhreagair Íosa agus dubhairt sé leó: Bíodh go bhfuilim-se ag déanamh fiadhnaise orm féin tá m’fhiadhnaise fírinneach, óir is eól dom cá dtánag agus cá bhfuilim ag dul; ach ní h-eól daoibh-se cá dtánag ná cá bhfuilim ag dul. 15Tugann sibh-se breith do réir na feóla; ní thugaim-se breith ar aoinne. 16Agus má bheirimh-se breith, tá mo bhreith fíor, óir ní h-am’ aonar atáim, ach mé féin agus an t-é a chuir uaidh mé, an t-Athair. 17Agus [3]tá sgríobhtha i nbhúr ndlígh-se go bhfuil fiadhnaise ó bheirt fíor. 18Is mise a thugann fiadhnaise orm féin, agus tá an t-Athair, a chuir uaidh mé, ag tabhairt fiadhnaise orm. 19Agus dubhradar leis: Cá bhfuil t’Athair? Agus d’fhreagair Íosa: Ní’l aithne agaibh orm-sa agus ní lúgha ’ná mar atá aithne agaibh ar m’Athair; dá mbeadh aithne agaibh orm-sa b’fhéidir go mbeadh aithne agaibh ar m’Athair, leis. 20Do labhair Íosa na focail sin i n-áit choimeádtha an chiste, agus é ag teagasg sa teampul; agus níor rug aoinne air, mar ní raibh a thráth tagaithe fós.
21Agus dubhairt Íosa leó: Táim-se ag imtheacht, agus beidh sibh-se a’m lorg, agus gheobhaidh sibh bás i nbhúr