Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/257

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
Caib. VII. 45
247
EÓIN

45Ansan tháinig na h-oificeacha ag triall ar na h-árd-shagairt agus ar na Fairisínigh agus dubhradar-san leó: Cad ’n-a thaobh nár thugabhair libh é? 46Agus dubhairt na h-oificeacha leó: Níor labhair aon duine riamh mar a labhrann an duine seo. 47Agus d’fhreagair na Fairisínigh: Ní h-éidir go bhfuiltí-se meallta, leis? 48An dóigh go gcreideann aoinne de sna h-uachtaránaibh nó de sna Fairisínigh ann? 49Ach an tsluagh so ná fuil eólus ar an ndlígh acu, tá mallacht ortha. 50Dubhairt Nicodémus leó, [1]an fear úd a tháinig chuige sa n-oidhche, mar duine acu ab eadh é: 51An dtugann ár ndlígh-ne breith ar dhuine gan a dh’aireachtaint ar dtúis uaidh féin, [2]agus a dh’aithint cad a dheineann sé? 52D’fhreagradar agus dubhradar leis: An amhlaidh is Gaililiach tusa leis? Cuardaigh an Sríbhinn, agus chífir ná h-eirigheann fáidh a’ Gaililí.

53Ansan chuaidh gach aoinne acu abhaile chun a thighe féin.



CAIBIDIOL VIII.

An bhean a fuaradh ag déanamh adhaltranais. Críost á dheimhniú gur ceart a theagasg.


1Ansan do chuaidh Íosa amach go cnoc Olibhet. 2Agus tháinig sé isteach sa teampul airís go moch ar maidin, agus tháinig na daoine go léir ag triall air agus do shuidh sé agus bhí sé ’ghá dteagasg.

3Agus thug na Sgríbhneóirí agus na Fairisínigh leó bean gur rugadh uirthi i n-adhaltranas, agus chuireadar ’n-a seasamh i láthair í, 4Agus dubhradar leis: A Mháighistir, do rugadh ar an mnaoi seo anois agus í ag déanamh adhaltranais. 5Agus [3]tá órduighthe ag Maois dúinn sa dlígh a leithéid seo do chur chun báis le gabháil do chlochaibh inti. Cad deirir-se? 6Ach ’ghá thriail iseadh a dubhradar an chaint sin le h-ionachus go bhféadfaidís rud éigin a chur ’n-a leith. Agus do chrom Íosa síos agus bhí sé ag sgrí le n-a mhéir ar an dtalamh. 7Agus do leanadar ag cur na ceiste

  1. Supra iii. 2.
  2. Deut. xvii. 8, xix. 15.
  3. Lebhit. xx. 10.