Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/211

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
Caib. XIX. 1
201
LÚCÁS


CAIBIDIOL XIX.

Críost dá ghlacadh ag Sacaeus ’n-a thigh. Parabal na bpúnt. Críost ar muin an asail. É ag gol os cionn Ierúsalem.


1Agus chuaidh sé isteach i n-Ierichó agus bhí sé ag siubhal tríd an gcathair. 2Agus féach, bhí fear ann agus Sacaeus ab ainim dó, agus bhí sé i n’uachtarán ar na puibliocánaigh, agus duine saidhbhir ab eadh é. 3Agus bhí sé a d’iarraidh Íosa dh’fheisgint, eadhon, Cé’r bh’é, agus do theip sé air mar gheall ar an sluagh, mar firín íseal ab eadh é. 4Agus do rith sé rómpa amach, agus chuaidh sé suas i gcrann sícamóir i dtreó go bhfeicfeadh sé é, mar bhí sé chun gabháil an tslígh sin. 5Agus nuair a tháinig Íosa chun na h-áite d’fhéach sé suas agus chonaic sé é, agus dubhairt sé leis: A Shacaeuis, brostuigh agus tar anuas, mar is ad’ thigh-se a chaithfead-sa stad indiu. 6Agus do bhrostuigh seisean anuas, agus do ghlac sé é go h-áthasach. 7Agus nuair a chonaic na daoine go léir an nídh sin bhíodar ag ceisneamh, agus deiridís gur ag triall ar dhuine pheacamhail a chuaidh sé ar aoidheacht. 8Agus do sheasaimh Sacaeus agus dubhairt sé leis an dTighearna: Féach, a Thighearna, tá leath mo choda agam ’á thabhairt do sna daoine bochta; agus má dheineas éagcóir ar aoinne tá leóirghníomh agam ’á dhéanamh leis fó cheathair. 9Agus dubhairt Íosa leis: Tá slánú fághalta indiu ag an dtigh seo de bhrígh gur de chlainn Ábrahaim é, leis. 10[1]Óir is chun a raibh caillte do chuardach agus do shlánú a tháinig Mac an Duine.

11Agus iadsan ag éisteacht leis na neithibh sin do chuir sé leó agus do labhair sé soluíd, mar bhí sé ag teacht i ngar do Ierúsalem, agus mheasadar-san go dtaisbeánfaí rígheacht Dé láithreach.

12Dubhairt sé, d’á bhrígh sin: [2]D’imthigh duine uasal áirithe go dúthaigh iasachta chun rígheachta ghabháil dó féin agus teacht thar n-ais. 13Agus ghlaoidh se chuige deichniúbhar seirbhíseach leis, agus thug sé dhóibh deich bpúint, agus dubhairt sé leó, Bídhidh ag déanamh cean-