Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/185

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
Caib. X. 37
175
LÚCÁS

’cu de’n triúr san is dóigh leat-sa ba chómharsa do’n duine a seóladh ameasg na mbitheamhnach? 37Agus dubhairt seisean: An t-é a dhein an charthanacht air. Agus dubhairt Íosa leis: Imthigh-se agus dein mar an gcéadna.

38Do thárla, agus iad ar an slígh, go ndeaghaidh sé isteach i sráid, agus gur ghlac bean dár bh’ ainim Marta isteach ’n-a tigh féin é. 39Agus bhí ag an mnaoi sin drifiúr dár bh’ainim Máire, agus do shuidh sí ag cosaibh an Tighearna ag éisteacht le n-a bhriathar. 40Agus bhí Marta ana-bhruideamhail ag déanamh mórán gnótha, agus do sheasaimh sí agus dubhairt: A Thighearna, an amhlaidh nách cás leat conus mar atá an gnó go léir fágtha orm-sa agam’ dhrifiúr? Abair léi anois congnamh a thabhairt dom. 41Agus d’fhreagair an Tighearna agus dubhairt sé léi: A Mharta, a Mharta, tá mórán neithe a’d chur thré chéile agus ag cur buartha ort, 42Agus gan ach aon nídh amháin ríachtanach. Do thogh Máire an nídh is fearr, agus ní tógfar uaithi é.



CAIBIDIOL XI.

Críost ghá mhúineadh d’á dheisgiobolaibh conas guidhe chun Dé. Deamhan bailbhe dá chur amach a’ duine aige. Na Fairisínigh dá gcur i bpúnc aige, agus mairgí dá bhfógairt ortha, tré na bhfeall.


1Agus do thárla, agus é i n-áit áirithe ag déanamh úrnuighthe, go ndubhairt duine dh’á dheisgiobuil leis nuair a stad sé: A Thighearna, teagaisg dúinn conus úrnuighthe dhéanamh fé mar a theagaisg Eóin d’á dheisgiobuil. 2Agus dubhairt sé: Nuair a bheidh sibh chun úrnuighthe dhéanamh abraidh: [1]Ár n-Athair atá ar neamh, go naomhthar t’ainim, go dtagaidh do rígheacht, go ndeintear do thoil ar an dtalamh mar a deintear ar neamh. 3Ár n-arán laethamhail tabhair dúinn indiu. 4Agus maith dhúinn ár gcionta mar mhaithimídne do