Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/183

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
Caib. X. 12
173
LÚCÁS

fios an méid seo agaibh, go bhfuil rígheacht Dé i n-achmaireacht. 12Deirim libh gur saoire a raghaidh muintir Shodom as an lá san ’ná mar a raghaidh muintir na catharach san.

13Mairg duit-se, a Chorosáin, mairg duit-se, a Bhetsáida, óir dá ndeintí i dTuíre agus i Sídón na mírbhúiltí a deineadh ionaibh-se, is fadó bheadh aithrighe déanta acu ’n-a suidhe i n-éadach garbh agus i luaithrigh. 14Agus is saoire a raghaid Tuíre agus Sídón as lá an bhreitheamhntais ’ná mar a raghaidh sibh-se as. 15Agus tusa, a Chapharnaum, a tógadh suas go neamh, curfar síos tu go h-ifreann.

16[1]An t-é a dh’éisteann libh-se, is liom-sa a dh’éisteann sé; agus an t-é a thugann tarcuisne dhaoibh-se, is dómh-sa a thugann sé tarcuisne; agus an t-é a thugann tarcuisne dhómh-sa is do’n t-é a chuir uaidh mé a thugann sé tarcuisne.

17Agus tháinig an dáréag a’s trí fichid thar n-ais agus gáirdeachas ortha, agus dubhradar: A Thighearna, táid na deamhain féin fé n-ár smacht tré t’ainim-se. 18Agus dubhairt sé leó: Bhíos ag féachaint ar Shátan nuair a thuit sé ó neamh mar a thuitfeadh splannc. 19Féach, tá tabhartha agam daoibh cumas ar shatailt ar aithreachaibh nimhe agus ar scorpiónaibh, agus ar gach cómhacht de chómhachtaibh an namhad, gan dochar daoibh. 20Sa n-am gcéadna ná bíodh gáirdeachas oraibh toisg spioraidí bheith fé nbhúr smacht, ach bíodh gáirdeachas oraibh toisg bhúr n-ainimneacha bheith sgríobhtha ins na flathais.

21Le linn na h-uaire céadna san do tháinig gáirdeachas an Spioraid Naoimh air, agus dubhairt sé: Admhuighim duit, a Athair, a Thighearna neimhe agus talmhan, mar gur cheilis na neithe seo ar lucht eagna agus eóluis, agus gur fhoillsighis iad do sna leanbhaíbh. Dheinis san, a Athair, óir b’é sin do thoil.[* 1] 22Do thug m’Athair dómh-sa gach uile nídh, agus ní h-eól d’aoinne cé h-é an Mac ach do’n Athair, ná cé h-é an t-Athair

  1. Ver. 21. “Do tháinig gáirdeachas an Spioraid Naoimh air,” .i. Do réir a dhaonachta do ghlac sé áthas sa Spioraid Naomh agus ghaibh sé buidhchas le n’ Athair Síoruídhe.