Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/159

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
Caib. IV. 5
149
LÚCÁS

sgríobhtha: [1]Ní h-ar arán amháin a mhaireann an duine ach ar gach briathar a thagann ó Dhia. 5Agus do sheól an diabhal é go mullach cnuic aoird, agus thaisbeáin sé dho, i n-aon phúnc amháin aimsire, rígheachta an domhain go léir, 6Agus dubhairt sé leis: Tabharfad-sa dhuit-se na cómhachta san uile go léir, agus a ngra dam, óir do tugadh dom iad, agus tugaim iad do m’rogha duine. 7D’á bhrígh sin, má dheineann tú mise dh’adhradh, ansan os mo chomhair, is leat iad go léir. 8Agus d’fhreagair Íosa agus dubhairt leis: Tá sgríobhtha: [2]Adharfaidh tú do Thighearna Dia agus déanfair seirbhís dó san amháin. 9Agus do rug sé leis é isteach i n-Ierúsalem, agus chuir sé ’n-a sheasamh é ar spuaic an teampail, agus dubhairt sé leis: Má’s tu Mac De caith thu féin le fánaidh; 10Óir tá sgríobhtha: [3]Gur thug sé órdú ad’ thaobh d’á aingealaibh go ndéanfaidís tu thabhairt saor, 11Agus go ndéanfaidís tu ghabháil ’n-a nglacaibh sar a’ mbuailfá do chos i gcoinnibh cloiche. 12Agus dubhairt Íosa ’ghá fhreagradh: Tá ráidhte, leis: [4]Ná déin fromhadh ar do Thighearna Dia. 13Agus nuair a bhí an cath go léir críochnuighthe d’imthigh an diabhal uaidh ar feadh aimsire.


14Agus tháinig Íosa, i gcómhacht an Spioraid, thar n-ais go Gaililí agus chuaidh a cháil amach ar fuid na tíre sin go léir. 15Agus bhíodh sé ag teagasg ins na sinagógaibh agus iad go léir ’ghá mholadh.

16Agus tháinig sé go Nasaret mar ar h-oileadh é, agus chuaidh sé, mar ba ghnáth leis, lá na sabbóide isteach sa tsinagóig, agus d’eirigh sé ’n-a sheasamh chun léightheóireachta dhéanamh. 17Agus do tugadh dó leabhar Isáias fáidh. Agus d’osgail sé an leabhar go dtáinig sé chun na h-áite ’n-a raibh sgríobhtha: 18[5]Tá Spioraid an Tighearna orm, agus d’á bhrígh sin d’ong sé me, chun soisgéil do chraobhsgaoileadh do sna bochtaibh, do chuir sé uaidh mé chun lucht an chroidhe bhrúighte do leigheas, 19Chun fuasgailte dh’fhógairt do’n mhuintir atá i mbraighdineas, agus radharc do sna dallaibh, agus

  1. Deut. viii. 3.
  2. Deut. vi. 13; x. 20.
  3. Salm xc. 11.
  4. Deut. vi. xvi.
  5. Isáias lxi. 1.