Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/158

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
148
Caib. III. 24
LÚCÁS

mac Hélí, mic Mathat,[* 1] 24mic Lebhí, mic Melchí, mic Ianna, mic Ióseph, 25Mic Matatias, mic Amos, mic Nahúm, mic Heislí, mic Nagge, 26Mic Mahat, mic Matatias, mic Semeí, mic Ióseph, mic Iúda. 27Mic Ioanna, mic Résa, mic Sorobabel, mic Salatiel, mic Nérí, 28Mic Melchí, mic Addí, mic Chósam, mic Elmadain, mic Héir, 29Mic Iósé, mic Elieseir, mic Iórím, mic Mathat, mic Lebhí, 30Mic Simeóin, mic Iúda, mic Ióseph, mic Iónain, mic Eliacim, 31Mic Melea, mic Menna, mic Matata, mic Nátán, mic Dáibhid, 32Mic Iessé, mic Óbéd, mic Boos, mic Salmóin, mic Naassóin, 33Mic Aminadaibh, mic Áram, mic Esróin, mic Pháres, mic Iúda. 34Mic Iacóib, mic Isaaic, mic Ábrahaim mic Tárá, mic Nachór, 35Mic Sarug, mic Ragau, mic Phaleg, mic Ebeir, mic Sale, 36Mic Cainan, mic Arphacsad, mic Sém, mic Nóe, mic Lamech, 37Mic Matúsala, mic Enóch, mic Iáred, mic Malaleél, mic Caïnán, 38Mic Enós, mic Sét, mic Adam, mic Dé.



CAIBIDIOL IV.

Trosgadh Chríost agus cath d’á chur air. Géarleanmhaint air i Nasaret: A mhírbhúiltí i gCapbarnaum.


1Agus bhí Íosa lán de’n Spioraid Naomh, agus tháinig sé thar n-ais ó’n Iórdan, agus do sheól an Spioraid isteach sa bhfásach é, 2Ar feadh dachad lá, agus do cuireadh cath air ó’n annsprid; agus níor ith sé bia i gcaitheamh na h-aimsire sin; agus nuair a bhí an aimsir caithte tháinig ocras air. 3Agus dubhairt an diabhal leis: Má’s tu Mac Dé abair leis an gcloich seo go ndéanfadh arán di. 4Agus d’fhreagair Íosa é: Tá

  1. Ver. 23. “Mac Hélí,” Ó Iacób a shíolruigh N. Ióseph do réir nadúra, ach i gcúntas na dlíghe mac do Hélí ab eadh é, óir clann aon mháthar ab eadh Iacób agus Hélí, agus Hélí an fear ba shine acu. Fuair Hélí bás gan aon chlann. Ansan b’éigion do Ióseph, do réir na dlighe baintreach Hélí do phósadh, agus an mac a tháinig ó’n bpósadh san, is do Hélí a h-ainmnígheadh é. B’shin é an dlígh.