beirt d’á dheisgiobulaibh, 2Agus dubhairt sé leó: Téighidh do’n bhaile úd thall os bhúr gcómhair, agus nuair a raghaidh sibh isteach ann gheobhaidh sibh ann ceangailte, searrach nár shuidh aon duine riamh fós air; sgaoilidh é, agus tugaidh chúgham é. 3Agus má deir aoinne libh, Cad é sin agaibh ’á dhéanamh? abraidh: Teastuigheann sé ó’n dTighearna; agus leigfidh sé libh é, gan stad, anso.
4Agus d’imthigheadar, agus fuaradar an searrach ceangailte ag dorus, ar an dtaobh amuigh, i gcómhrac dá slíghe; agus do sgaoileadar é. 5Agus dubhairt cuid d’á raibh ’n‑a seasamh ann: Cad ab áil libh ag sgaoileadh an tsiorraigh? 6Agus dubhradar-san leó mar a dh’órduigh Íosa dhóibh; agus do leigeadar leó é. 7Agus thugadar an searrach ag triall ar Íosa, agus chuireadar a mbrait anuas air, agus do shuidh sé air. 8Agus do leath a lán de sna daoine a mbrait ar an slígh; agus bhain tuille acu géaga de sna crannaibh agus do leathadar ar an slígh iad. 9Agus an mhuintir a bhí ar tusach agus ar deire bhíodar ag liúirigh, agus deiridís: [1]Hósanna. Is beannuighthe an t‑é atá ag teacht i n‑ainim an Tighearna. 10Is beannuighthe ag teacht an rígheacht so ár n‑athar Dáibhid. Hósanna ins na flathais is aoirde. 11Agus do chuaidh Íosa isteach i n‑Ierúsalem agus isteach sa teampul; agus d’fhéach sé n‑a thímpal ar gach nídh, agus nuair a bhí an tráthnóna ann chuaidh sé féin agus an dáréag amach go Betánia.
12Agus an lá n‑a dhiaidh san, agus iad ag teacht ó Bhetánia, bhí ocras air. 13Agus chonaic sé, abhfad uaidh, crann fíge agus duilleabhar air, agus tháinig sé ag féachaint an bhfaghadh sé aon nídh air. Agus nuair a tháinig sé ní bhfuair sé aon nídh air ach na bileóga, mar ní raibh aimsir na bhfígí tagaithe. 14Agus d’fhreagair sé agus dubhairt sé leis an gcrann: As so amach go bráth airís nár ithidh duine toradh uait-se. Agus d’airigh a dheisgiobuil é.
15Agus thánadar go Ierúsalem. Agus nuair a chuaidh sé isteach sa teampul do chrom sé ar an muintir a bhí ag díol agus ag ceannach ann do chomáint amach
- ↑ Salm cxvii. 26.