ghlaoidh Íosa chuige iad agus dubhairt sé leó: [1]Chíonn sibh, an mhuintir a samhluightear a bheith os cionn na ngeinte, go mbíonn smacht acu ortha, agus tá cómhacht agá bpriúnsaíbh os a gcionn. 43Ní mar sin, ámhthach, daoibh-se, ach an t‑é gur mian leis bheith os bhur gcionn, beidh sé ’n‑a sheirbhíseach agaibh; 44Agus an t‑é gur mian leis bheith ar tusach eadraibh, beidh sé ag friothálamh ar gach aoinne. 45Óir níor tháinig Mac an Duine ionus go ndéanfaí friothálamh air, ach ionus go ndéanfadh sé friothálamh, agus chun go dtabharfadh sé a anam féin mar cheannach ar a lán daoine.
46Agus thánadar go Ierichó. Agus nuair a bhí sé féin agus a dheisgiobuil ag dul amach a’ Ierichó agus mórán daoine i n‑aonfheacht leó, bhí an dall, Bar-Timéus, mac Timéi, ’n‑a shuidhe i n‑aice an bhóthair agus é a d’iarraidh déarca. 47Agus nuair airigh sé gur bh’é Íosa Nasareit a bhí ann, chrom sé ar ghlaodhach agus ar a rádh: A Íosa, a Mhic Dáibhid, dein trócaire orm. 48Agus bhí a lán daoine ag bagairt air éisteacht. Ach b’shin mar ba mhó a ghlaoidh seisean: A Mhic Dáibhid, dein trócaire orm. 49Agus do stad Íosa, agus dubhairt sé glaodhach ar an nduine. Agus ghlaodhadar ar an ndall agus dubhradar leis: Glac misneach; eirigh; Tá sé ag glaodhach ort. 50Agus chaith sé dhe a bhrat agus do phreab sé ’n‑a shuidhe, agus tháinig sé ag triall ar Íosa; 51Agus d’fhreagair Íosa, agus dubhairt sé: Cad ba mhaith leat a dhéanfainn duit? Agus dubhairt an dall: Radharc a thabhairt dom, a Thighearna. 52Agus dubhairt Íosa leis: Imthigh leat, do shlánuigh do chreideamh thu. Agus bhí radharc aige láithreach, agus do lean sé é sa tslígh.
CAIBIDIOL XI.
1Agus nuair a thánadar i n‑aice Ierúsaleim agus Bhetánia ag Cnoc na n‑Ola-chrann, chuir sé chun siubhail
9