Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/118

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
108
Caib. VIII. 2
MARCUS

dheisgiobuil agus dubhairt sé leó: 2Tá truagh agam do’n tsluagh, mar, féach, táid siad am’ fhochair le trí lá, agus ní’l aon rud le n‑ithe acu; 3Agus má chuirim abhaile iad ’n‑a dtrosgadh tuitfid siad ar an slígh, óir do tháinig cuid acu abhfad. 4Agus d’fhreagair a dheisgiobuil é: Conus is féidir d’aoinne a ndóithin aráin a thabhairt dóibh anso sa n‑uaigneas? 5Agus d’fhiafraigh sé dhíobh: An ’mó bulóg aráin agaibh? Agus dubhradar-san: Seacht mbulóga. 6Agus d’órduigh sé do’n tsluagh suidhe síos ar an dtalamh; agus thóg sé na seacht mbulóga, agus ghaibh sé buidheachas, agus bhris sé an t‑arán, agus thug sé d’á dheisgiobulaibh é le cur os cómhair na ndaoine, agus chuireadar. 7Agus bhí iasga beaga acu, agus bheannuigh sé iad, agus d’órduigh sé iad do chur os cómhair na ndaoine. 8Agus d’itheadar, agus bhí a ndóithin mór acu. Agus thógadar an bia briste do fágadh, seacht gciseáin de. 9Agus tímpal cheithre mhíle duine iseadh bhí tar éis an bhídh a chaitheamh; agus chuir sé chun siubhail iad.

10Agus chuaidh sé láithreach ar bórd na luinge i n‑aonfheacht le n‑a dheisgiobuil agus tháinig sé i dtriúchaibh Dalmanúta. 11Agus d’imthigh na Fairisínigh amach agus chromadar ar aighneas leis, ’ghá iarraidh air cómhartha ó neamh a thabhairt dóibh, ag baint trialach as. 12Agus dhein sé osna ’n‑a spioraid, agus dubhairt sé: Cad ab áil leis an sliocht san ag lorg cómhartha? Go deimhin a deirim libh, ní tabharfar cómhartha do’n tsliocht san.


13Agus chuir sé uaidh iad, agus chuaidh sé ar bórd na luinge airís agus d’imthigh sé thar uisge.

14Agus dhearmhadadar arán a thabhairt leó, agus ní raibh sa luing acu ach aon bhulóg amháin. 15Agus thug sé foláramh dóibh agus dubhairt: Féachaidh, agus seachnaidh[1] giost na bhFairisíneach agus giost Héróid. 16Agus bhíodar ag pléidh eatartha féin, ’ghá rádh: Ní’l arán againn. 17Agus bhí a fhios san ag Íosa agus dubhairt sé leó: Cad é an pléidh seo agaibh toisg gan arán a bheith agaibh? Ná h‑aithnigheann sibh agus ná tuigeann sibh fós? An bhfuil bhúr gcroidhe dall fós? 18An bhfuil

  1. .i. feall na bhFairisíneach.