Tuíre agus Sídóin, agus chuaidh sé isteach i dtigh, agus ba mhian leis gan a fhior a bheith ag aoinne, agus níor fhéad sé é féin do cheilt. 25Óir do tháinig chuige agus do caith í fein agá chosaibh, chómh luath agus d’airigh sí trácht air, bean go raibh spioraid truaillighthe ’n‑a h‑inghin. 26Agus bean Ghréagach ab eadh í, Sírophoenach do reir chinéil, agus bhí sí ag guidhe chuige go ndéanfadh sé an dheamhan do dhíbirt as a h‑inghin. 27Agus dubhairt sé léi: Fan go mbeidh a sáith ag an gclainn; óir ní maith an rud bia na clainne thógaint agus é thabhairt do sna gadharaibh. 28Ach d’fhreagair sise agus dubhairt: Iseadh, a Thighearna, óir ithid na coileáin fé’n mbórd an bia briste a thuiteann ó’n gclainn. 29Agus dubhairt seisean : Mar gheall ar an bhfocal san imthigh leat, tá an deamhan imthighthe as t’inghin. 30Agus nuair a chuaidh sí abhaile chun a tighe fuair sí a h‑inghean ’n‑a luighe ar a leabaidh, agus an deamhan imthighthe aisti.
31Agus chuaidh sé amach airís a’ críchibh Tuíre, agus tháinig sé tré Sídón go muir Ghailitl, tré lár críche Decapolis. 32Agus thugadar chuige duine a bhí bodhar balbh, agus bhíodar ag tathant air a lámh a chur air. 33Agus thóg sé leis i leith-taoibh é ó’n sluagh, agus chuir sé a mhéireana isteach ’n‑a chluasaibh, agus chuir sé seile amach agus chuir sé an seile ar theangain an duine, 34Agus d’fhéach sé suas chun na bhflathas agus dhein sé osna, agus dubhairt Ephpheta, ’sé sin, Osgail. 35Agus, láithreach, do h‑osgaladh a chluasa dhó, agus do bogadh an ceangal d’á theangain, agus do labhair sé go cruinn, 36Agus d’órduigh sé dhóibh gan é dh’innsint d’aoinne. Ach d’á mhéid a dh’órduigh sé dóibh é iseadh is mó a dh’innseadar é, 37Agus iseadh is mó a dheineadar iongna dhé, agus a deiridís: Deineann sé gach nídh go maith: tugann sé éisteacht do’n bhódhar agus caint do’n balbh.
CAIBIDIOL VIII.
1Ins na laethibh sin airís, nuair a bhí sluagh mhór ann agus gan aon nídh acu le n‑ithe, do ghlaoidhsé chuige a